Taighde nua foilsithe ar chlubanna óige Gaeilge

Tá leabhrán taighde 'Squeezed in and Squeezed Out' a bhaineann leis an obair óige Ghaeilge seolta ag Glór na Móna.

In 2015 chuaigh Glór na Móna i dteagmháil le hOllscoil Uladh chun taighde a dhéanamh ar na difríochtaí is mó idir clubanna óige Gaeilge agus clubanna Béarla. Foilsíodh an dara cuid den taighde sin le déanaí.

Is iad an Dr. Gail Neill agus Eliz McArdle a rinne an taighde inar fhoghlaim siad go dtugtar níos lú acmhainní agus maoinithe do go leor clubanna óige Gaeilge i gcomparáid le clubanna ina labhraítear Béarla. Dá thoradh sin áfach is minic a bhíonn ceangail níos láidre agus feasacht shóisialta níos airde i measc na bpáistí a bhíonn ag freastal ar na clubanna Gaeilge.

Mhínigh an Dr Gail Neill go dtagann an teideal 'Squeezed in and Squeezed Out' ó ghrúpaí óige Gaeilge atá á mbrú isteach chuig spásanna easnamhacha agus iad á mbrú amach as maoiniú agus acmhainní freisin.

Labhair Meon Eile le Caoimhe Nic Cú Uladh, oibrí óige le Glór na Móna, a ghlac pairt sa taighde agus í i mbun céim a bhaint amach. Labhair muid chomh maith leis an MLA Aisling Reilly a bhí i láthair ag seoladh an taighde.

Close
Close