1,000 freagra ar chomhairliúchán Ollscoil na Ríona faoi chomharthaí Gaeilge

Bailíodh suas le 1,000 freagra ar phróiseas comhairliúcháin a bhí ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste faoi chomharthaíocht dhátheangach a chur in airde ar champas na hollscoile.

Bhain an comhairliúchán le ‘polasaí comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta’ na hollscoile agus d'éirigh leis an Chumann Gaelach líon suntasach freagraí a bhailiú le linn an chomhairliúcháin, ar tháinig deireadh leis Dé Céadaoin seo caite.

Go dtí 1997 bhí comharthaíocht Gaeilge sofheicthe go leor ar an champas ach baineadh aníos í ‘gan chúis gan cheart’ an bhliain sin.

Bailíodh na freagraí ar an chomhairliúchán is déanaí seo ó réimse leathan grúpaí agus léachtóirí ollscoile, an Cumann Fraincise, an Cumann Spáinise agus Portaingéilise agus an Cumann Béarla san áireamh.

Dúirt Naoise Ó Cuilín, úrlabhraí an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Ríona, nach raibh “aon rud sa pholasaí roimhe seo a chuireann ‘comhionnanas’ nó ‘éagsúlacht’ i dtaobh na Gaeilge nó pobal na Gaeilge chun cinn. Cheistigh muid sin inniu agus tabharfaidh muid dúshlán na hOllscoile ar an cheist seo arís agus arís eile”.

Tá na mic léinn atá i mbun an fheachtais seo an-ghníomhach agus tá sé ráite acu go leanfaidh siad ar aghaidh leis go dtí go mbeidh comhionannas comharthaíochta faighte ag an Ghaeilge san ollscoil.

Close
Close