'Gaeilge Don Teaghlach' ar fáil saor in aisce ar líne

Seoladh suíomh idirlín foghlama úr dar teideal 'Gaeilge don Teaghlach' ar na mallaibh le cuidiú le daoine an Ghaeilge a úsáid lena dteaghlach.

Togra de chuid An Carn i gContae Dhoire é agus tá sé bunaithe ar lámhleabhar a chruthaigh Mary Uí Dhuibhne.

Labhair Meon Eile le Leonne Ní Loinsigh, Oifigeach Forbartha Charn Tóchair, faoi choincheap an tsuímh, atá ar fáil saor in aisce. Luaigh Leonne gurb é aidhm an tsuímh Gaeilge a theagasc taobh amuigh den scoil agus díriú ar théamaí a bhaineann le saol laethúil am teaghlaigh.

Tá an suíomh ar fáil saor in aisce anseo: https://gaeilgedonteaghlach.com/ agus is féidir an lámhleabhar 'Gaeilge don Teaghlach' a cheannach anseo: https://www.siopaancarn.com/products/gaeilge-don-teaghlach-irish-for-the-family

Close
Close