Seoladh 'Rita agus an tEachtrán'

Sheol An tSnáthaid Mhór an t-ochtú leabhar i sraith chlúiteach Rita ar na mallaibh.

‘Rita agus an tEachtrán’ is teideal dó agus sa saothar nua seo téann an príomhcharactar Rita go pláinéad eile, áit a gcasann sí ar eachtrán a bheas mar chara aici.

D'údar an leabhair, Máire Zepf, is í an chúis is tábhachtaí leis an scéal áirithe seo ná daoine a chur ag smaointiú faoi chultúir, teangacha agus nósanna éagsúla a bhíonn ag áiteanna difriúla, go háirithe ag na daoine atá ag teacht go dtí an tír seo ó thíortha eile faoi láthair, agus go mbeadh muidne oscailte agus cinéalta dóibh agus iad ag dul i dtaithí ar nósanna s’againn féin.

Is in Aonach Mhacha i gcathair Ard Mhacha a seoladh an leabhar agus bhí Máire agus Andrew Whitson (nó “Mr Ando”), an t-údar agus an maisitheoir faoi seach, i láthair chun sleachta a léamh agus pictiúirí a tharraingt.

Maidin shiamsúil spreagúil a bhí ann do dhaltaí Rang 4 ó Bhunscoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha, Bunscoil Eoin Baiste, Port an Dúnáin, agus Bunscoil Naomh Prionsias, an Lorgain.

Tá an leabhar ‘Rita agus an tEachtrán’ ar fáil anois sna siopaí leabhair agus is féidir cóip a fháil anseo.

Close
Close