Scéim Chónaithe bunaithe ag Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Banríona

D’fhógair Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh go bhfuil an cinneadh tógtha acu Scéim Chónaithe Gaeilge a thabhairt isteach do Ghaeilgeoirí sna hollscoileanna sin. 

Tá scéimeanna cónaithe den chineál seo á reáchtáil i roinnt coláistí in Éirinn go dtí seo, mar shampla, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Cuireann na scéimeanna seo lóistín ar fáil do mhic léinn le Gaeilge atá ag iarraidh cónaí a dhéanamh le Gaeilgeoirí eile. Tá fáilte curtha roimh an chinneadh seo ag mic léinn agus áthas orthu go mbeidh an rogha acu Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmeálta agus deis acu bualadh le daoine úra.

Labhair Meon Eile le Conor Torbóid, iarmhac léinn de chuid Ollscoil Uladh agus Eimear Nic Ionnrachtaigh, mac léinn in Ollscoil na Banríona. Bhí ról lárnach ag an bheirt Ghaeilgeoirí seo sna cumainn ghaelacha agus chuidigh siad leis an fheachtas leis an rogha seo a bheith curtha ar fáil do mhac léinn le Gaeilge atá ag iarraidh an teanga a labhairt ina n-áit chónaithe.

Níl anseo ach an chéad chéim agus is bua mór é do Chumann Gaelach, Ollscoil na Banríona atá go fóill i mbun feachtasaíochta le comharthaí dátheangacha a chur ar fáil sa champas.

Close
Close