Próiseas cláraithe do naíscoileanna oscailte go dtí an 28 Eanáir

Is féidir le tuismitheoirí a bpáistí a chlárú le naíscoileanna Gaeilge ó thuaidh go dtí an Aoine bheag seo.

Labhair Meon Eile le Conor Stiobhard, Oifigeach Forbartha le Comhairle na Gaelscolaíochta, faoin phróiseas cláraithe, cuir i gcás scoileanna a roghnú agus a chur in ord tosaíochta.

Tá fás 68% ar an Ghaeloideachas sna sé chontae ó bhí 2012 ann agus eolas níos forléithne anois ag tuismitheoirí ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas sna luathbhlianta agus ar an tionchar a bhíonn aige sin orthu níos faide anonn sa saol.

Bunaíodh Comhairle na Gaelscolaíochta sa bhliain 2000 le hionadaíocht a dhéanamh ar an Ghaelsolaíocht ó thuaidh agus le tuismitheoirí a spreagadh lena bpáistí a chur ar Ghaelscoileanna.

Tá tuilleadh eolais faoin phróiseas cláraithe, a bheidh ar oscailt go dtí an 28 Eanáir, le fail anseo:

https://www.eani.org.uk/

https://www.comhairle.org/gaeilge/

Close
Close