Scéim na bPrintíseach le Fóram na nÓg

Cuireadh tús le Scéim na bPrintíseach le Fóram na nÓg i mí Meithimh 2024 agus is é aidhm na scéime ná oibríthe ó earnáil na Gaeilge a thraenáil san obair óige.

Le linn na scéime seo a chríochnóidh i mí Mhárta 2025, bainfidh na printísigh OCN Leibhéal 3 amach, chomh maith le caillíochtaí ar nós Cosaint Páistí agus Garchabhair.

Bhailligh an grúpa is déanaí le chéile ar na mallibh i nGael-Ionad Mhic Goill chun amharc siar ar an tréimhse foghlama atá curtha isteach acu i mbliana le macnamh a dhéanamh ar na láidreachtaí, na laigí agus na scileanna atá acu mar oibrithe óige agus an dóigh chun na gnéithe seo a fheabhsú as seo amach.

Bhí 13 duine sa ghrúpa printíseach i mbliana ó áiteanna eagsúla thart an tuaisceart. Labhair Meon Eile le Conchúr Mac Siacais, Oifigeach Oideachais le Fóram na nÓg a mhínigh an tábhacht a bhaineann le scileanna inaistrithe na bprintíseach a úsáid agus iad ag iarraidh freastal ar an éileamh atá ann maidir le hoibrithe óige Gaeilge a fhostú agus na clubanna óige thart ar an Tuaisceart ag dul i méid.

Labhair muid fosta le Carlaí Chaomhánach atá ina Comhordaitheoir ar an Scéim faoi na caillíochta éagsúla a bheas ag na hoibríthe nuair a chríochnaíonn siad.

D’inis Shéa Ó Catháin, printíseach ar an scéim, dúinn faoin sprioc is mó atá aige ag teacht amach as an scéim dó agus faoin tacaíocht iontach a thugann Fóram na nÓg agus é mar Phríomhcheannaire i gClub Óige Mhachaire Fíolta.

Close
Close