Éalú: Podchraoladh faoi thréimhse na Ceise Fada

Is podchraoladh dátheangach é ‘Éalú’ a chuireann athair agus iníon i láthair agus a insíonn scéal an éalaithe ón Cheis Fhada in 1983. Thosaigh Garaí Mac Roibeaird agus a iníon Fionnghuala an podchraoladh i mí Mheán Fómhair agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Labhraíonn Garaí ar a shaol agus é ag fás aníos i dTuaisceart Bhéal Feirste go dtí an t-am a thosaigh na trioblóidí. Gabhadh agus cuireadh sna Blocanna H é agus is ann a bhí sé i rith agóid na pluide agus na stailce ocrais. Labhraíonn se ar shaol na bpriosúnach ag an am sin, ar an dáimh a a bhí acu le chéile agus na dóigheanna ar choinnigh siad an misneach.

Bíonn Fionnghuala ag obair ar an phodchraoladh mar stiúrthóir agus mar agallóir ag cur ceisteanna ar Gharaí.

Cé gur scéaltaí troma iad agus é ag cáint ar na droch-chuimhní, deir an bheirt acu go bhfuil sé tábhachtach na scéaltaí seo a thaifeadadh agus a chur ar fáil don phobal.

Taobh leis na scéaltaí faoin éalú, tá an darna podchraoladh acu ar fhorbairt na Gaeilge sa Cheis Fhada agus i bpríosún Ard Mhacha. I ndiaidh scéal an éalaithe, beidh siad beirt ag tabhairt faoi ábhar eile a bhaineann leis na trioblóidí agus leis an saol sna príosúin.

Tá ceithre phodchraoladh seolta acu go dtí seo, le ceann nua ag dul amach beo gach seachtain.

Tá Éalú ar fáil ar Spotify, Anchor agus Apple Podcasts agus tá tuilleadh eolais faoi ar Twitter agus Instagram.

Close
Close