D’oscail Naíscoil na Fuiseoige i gCill Uaighe, Iarthar Bhéal Feirste, sa bhliain 1985 le grúpa beag tuismitheoirí a bhí ag iarraidh páistí s’acu a thógáil trí mheán na Gaeilge.
Anois, tá dhá rang ann agus 34 pháiste ar an iomlán idir 3 agus 4 bliana d’aois ag freastal ar an naíscoil, iad ag súgradh agus ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.
Thug Meon Eile cuairt ar an naíscoil agus iad tosaithe ar an 40ú bliain ar an fhód. Labhair muid leis an Stiúrthóir Ranga, Ciara Nic Ionnrachtaigh, faoi na rudaí is fearr léi faoin phost agus faoin dóigh a spreagann siad na páistí leis an Ghaeilge a úsáid.
Dúirt Ciara fosta go bhfuil pobal na scoile ar bís go mbeidh an naíscoil ag feidhmiú go lánaimseartha ó Mheán Fómhair 2026. Ciallaíonn sé seo go mbeidh na doirse oscailte ar feadh tuilleadh uaireanta sa lá, agus go mbeidh siad in ann níos mó seirbhísí a chur ar fáil don phobal.
Ar ndóigh, tá pobal bríomhar Gaelach i gCill Uaighe anois agus an Naíscoil i gcroílár an dul chun cinn. Is amach as togra na Naíscoile a d’fhás Bunscoil na Fuiseoige agus Ionad na Fuiseoige a chuireann seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal áitiúil idir ranganna Gaeilge, ranganna ceol, oícheanta scannán agus tuilleadh lena chois.
Chun an cloch mhíle stairiúil seo a cheiliúradh, beidh Naíscoil na Fuiseoige ag eagrú Maidin Chaife saor in aisce uair sa mhí le go mbeidh iarscoláirí agus tuismitheoirí in ann teacht ar ais agus grianghraif nó scéalta a roinnt.
Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Ionad na Fuiseoige anseo le níos mó eolais a fháil.