Mná na Gaelscolaíochta

D'eagraigh Comhairle na Gaelscolaíochta painéal cainte ar mhná na Gaelscolaíochta an tseachtain seo caite ar Lá Idirnáisúnta na mBan.

Is iad Áine Mhic an Iolair, Orla Nig Fhearraigh, Emer Mhic an Fhailí, Cliodhna Ní Mhianáin agus Áine Andrews a bhí ar an phainéal. Labhair Meon Eile le hOrla agus Cliodhna, chomh maith le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle na Gaelscolaíochta, faoin imeacht.

Pléadh ról na mban i stair na Gaelscolaíochta ó thuaidh ar an oíche mar aon leis na dúshláin a bhí os a gcomhair agus na deacaireachtaí atá ann go fóill do mhná sa lá atá inniu ann. Labhair na mná ar an phainéal faoina dtaithí féin san earnáil oideachais, faoi bhunú na chéad Ghaelscoile ó thuaidh, Bunscoil Phobal Feirste, agus faoi bhunú na Meánscoile Gaeilge is úire, Gaelcholáiste Dhoire, i measc níthe eile.

Bhí idir ábhar trom agus éadrom faoi chaibidil agus bhí deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ag an deireadh fosta. Craoladh an ócáid beo ar Facebook chomh maith mar sin bhí deis ag daoine páirt a ghlacadh sa chomhrá ar líne.

Close
Close