Mí na Foghlama i nGaelscoil Léim an Mhadaidh

Is é mí Mheán Fómhair ‘Mí na Foghlama’ agus bhuail Meon Eile isteach chuig daltaí agus foireann Ghaelscoil Léim an Mhadaidh le labhairt faoin fhoghlaim ar fad atá ag tarlú sa scoil.

Labhair an príomhoide Mícheál Ó Dufaigh faoi na bealaí a mbíonn na páistí ag foghlaim agus an tábhacht a bhaineann le sult a bhaint as an phróiseas sin.

Thug Erin agus Róise ó rang 3-4 amhrán dúinn a chuidigh leo foghlaim faoin chorp agus na céadfaí go háirithe. D’inis Leah dúinn faoin obair mhata a bhí idir lámha acu agus mhínigh Casey go raibh siad ag foghlaim faoi na finscéalta agus fabhalscéalta chomh maith.

Luaigh Eoghan Ó Gráda, múinteoir rang 3-4, an tábhacht atá leis an fhoghlaim san fhíorshaol, rud nach féidir a shárú.

Close
Close