Maoiniú Léargas bainte agus feachtas ar siúl


Tá go leor scoileanna ar fud Thuaisceart na hÉireann buailte ag an bhuiséad nua rialtas Londan agus i measc na gclár oideachais ar baineadh an maoiniú uaidh bhí Léargas.

Is clár é Léargas a bunaíodh i nDoire chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil do pháistí a bhíonn ag freastal ar scoileanna Béarla. Gach bliain d'fhreastail 1,600 páiste as 15 scoil ar na ranganna. Scéim thábhachtach a bhí ann don phobal Gaelach atá ag fás sa cheantar.

I gcás go leor páistí, ba é seo an t-aon deis a bhí acu blaiseadh a fháil den teanga agus tá an deis sin anois á baint díobh.

Thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire, áit ar labhair muid le stiúrthóir an ionaid, Siubhán Nic Amhlaoibh, faoin maoiniú a cailleadh agus faoin drochthionchar a bheidh aige sin ar an chathair.

Tá achainí ar son Léargas ar Change.org is féidir a shíniú anseo.

Close
Close