Maoiniú stáit ceadaithe do Ghaelscoil Éanna ach Gaelscoileanna eile ar an ghannchuid

Tá go leor cainte faoi Peter Weir ó ceapadh é ina Aire Oideachais ar ais i mí Bealtaine na bliaina seo agus Gaelscoileanna imníoch faoin dearcadh atá aige i leith an Ghaeloideachais sna Sé Chontae.

Ní raibh faitíos ar an DUP labhairt amach go diúltach faoin iarAire Oideachais, John O’Dowd, mar gheall ar an méid tacaíochta a thug sé don Ghaeloideachas le linn a thréimhse mar aire.

Dúradh nach raibh ‘Cothrom na Féinne’ á fháil ag scoileanna eile siocair na hinfheistíochta a tugadh do Ghaelscoileanna.

Ag caint faoin iarAire Oideachais, John O’Dowd, i mí Feabhra, dúirt Weir é féin ‘Irish medium schools should not be placed on a pedestal by the Education Minister while so many others are forced to close’.

Ceapadh Peter Weir ina Aire Oideachais ar an 25ú Bealtaine i mbliana.

I mí Meithimh bhain an tAire nua an maoiniú a cuireadh ar fáil do Scoil an Droichid agus do Bhunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste le hionaid tacaíochta nua a oscailt.

Sa deireadh áfach d’éirigh leis an bhfeachtas a chuir an dá scoil lánGhaeilge ar bun an maoiniú sin a fháil ar ais.

Ó shín dhúiltigh an tAire Weir moladh forbartha do Ghaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste agus iad ag iarraidh an scoil a athlonnú.

Dhiúltaigh sé fosta do mholtaí forbartha ó Ghaelscoil na Daróige i nDoire agus ó Bhunscoil an Iúir i gContae an Dúin a bhí ag iarraidh naíscoileanna reachtúla a bhunú mar chuid dá scoileanna.

Dúirt an tAire Weir le Meon Eile:

“Whilst I recognise all statutory obligations in relation to Irish-medium education I am also bound to consider carefully all the information pertinent to any proposal to establish new provision on a case-by-case basis and of the potential displacement of a good quality voluntary pre-school setting.”

Ag caint faoi mholadh forbartha Bhunscoil an Iúir dúirt sé;

“The evidence does not currently support the establishment of a statutory part-time Irish-medium nursery unit at Bunscoil an Iúir. This would also have involved the closure of the existing good quality pre-school provision. I believe that the pupils are best served by the current arrangements.”

Ag caint faoi mholadh forbartha Bhunscoil na Daróige dúirt an tAire Weir:

“There are three Irish Medium (IM) primary schools within a three mile radius, two of which are currently undersubscribed for nursery provision therefore approving this proposal could create sustainability issues for all existing IM providers in the city.”

Tá Naíscoil an Iúir agus Naíscoil na Daróige ag feidhmiú ar bhonn deonach gan maoiniú stáit go dtí seo.

Tá Bunscoil an Iúir teoranta ó thaobh spáis de sa suíomh ina bhfuil siad faoi láthair. Tá moladh forbartha eile curtha isteach leis an scoil a athlonnú, rud a chuideoidh le forbairt agus fás na bpáistí agus na scoile ina hiomláine, dar le Píomhoide na scoile, Maria Ní Fhearchair.

Tá an scoil ag fanacht ar chinneadh ón Roinn Oideachais faoi láthair.

Maria Nic Fhearchair, Príomhoide Bhunscoil an Iúir.

Dúirt Príomhoide Ghaelscoil na Daróige, Oisín Mac Eochaidh, go bhfuil siad ag cuartú ‘Cothrom na Féinne’ don Ghaeloideachas agus don fhoireann atá ag obair sa naíscoil faoi láthair. Tá siad ag tabhairt dhúshlán chinneadh an Aire Weir agus ag glacadh comhairle dhlí faoi láthair.

Ach tá níos mó ná poláitaíocht i gceist leis an scéal seo de réir mar a thuigeann Oisín Mac Eochaidh é.

Oisín Mac Eochaidh, Príomhoide Bhunscoil na Daróige.

Ach tá casadh beag ar an scéal is cosúil…

Fuair lucht foirne, dáltaí agus tuismitheoirí Ghaelscoil Éanna dea-scéal ar na mallaibh nuair a cheadaigh an tAire maoiniú do naíscoil reachtúil a bhunú ann.

Ceadaíodh 26 áit pháirtaimseartha i Naíscoil Éanna atá lonnaithe i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma.

Is é seo an chéad uair ó ceapadh ina Aire Oideachais é nár dhiúltaigh Peter Weir d’iarratas ó scoil lánGhaeilge.

Close
Close