Múnla athbheochana ón bhonn aníos - Léacht le Róisín Nic Liam

Chuir an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD, Róisín Nic Liam, léacht thar a bheith spéisiúil i láthair Dé hAoine seo caite i nGael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, a dhírigh ar an mhúnla athbheochana ón bhonn aníos atá le brath i gcur chuige ghlúin Bhóthar Seoighe ar aghaidh go dtí an Dream Dearg.

Tá Róisín i ndiaidh bliain thairbheach a chaitheamh mar thaighdeoir dochtúireachta in Ollscoil na Banríona i gcomhpháirt le Glór na Móna, agus í ag díriú ar ghníomhú agus athghabháil na Gaeilge, go háirithe i mBéal Feirste ó 1998 ar aghaidh. Tá an Corcaíoch sáite i bpobal na Gaeilge agus i mbun a cuid taighde i measc na ndaoine iad féin. 

Ar an bhliain seo chugainn tabharfaidh Róisín faoi shraith agallaimh éagsúla le trí ghlúin de ghníomhaithe teanga: an chéad ghrúpa a chuaigh tríd Choláiste Feirste sna 1990idí, nó 'Meanscoil Feirste' mar a tugadh air ag an am; muintir An Dream Dearg; gníomhaithe teanga níos óige arís.

Is mar chuid den fhéile Liú Lúnasa 2024 a cuireadh an léacht ar siúl. Labhair muid le Róisín féin chomh maith le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadal Pobail de chuid Glór na Móna atá ar bís faoin chomhpháirtíocht uathúil seo le hOllscoil na Banríona agus le Róisín.

Close
Close