Lá Gairmeacha le Gaeilge i nDoire

Cuireadh Lá Gairmeacha le Gaeilge ar siúl do dhaltaí meánscoile i mórcheantar Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ar na mallaibh. Is é Cultúrlann Uí Chanáin, atá lonnaithe i gCathair Dhoire, a reáchtáil an t-imeacht.

Is ar champas Ollscoil Uladh sa chathair a eagraíodh an lá agus bhí roinnt daoine ó earnálacha éagsúla ag labhairt leis na scoláirí lena linn. Ba é an sprioc a bhí ag Ben Ó Baoill ó Chultúrlann Uí Chanáin ná na deiseanna difriúla atá ar fáil trí Ghaeilge a thaispeáint do na daltaí agus iad ag ullmhú don tsaol i ndiaidh na scoile.

Labhair Erin Hamilton leis an tslua le linn na hócáide. Is Oifigeach Gaeilge í le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Dúirt Erin linn go bhfuil sí thar a bheith sásta leis an tsuim a léirigh na scoláirí san ábhar agus go bhfuil sí ag iarraidh go mothóidh gach duine óg gur leo an Ghaeilge, sin agus go dtuigfidh siad go bhfuil deiseanna fostaíochta acu tríd an teanga.

Bhí Kathryn Ní Mhaoláin, as Carn Tóchair, mar bhean an tí ag an imeacht. Tá Kathryn ag obair mar Láithreoir le Cúla4 faoi láthair ach is leathan an réimse taithí atá aici, agus é beagnach uilig trí mheán na Gaeilge. Tá Kathryn den tuairim go raibh an Lá Gairmeachathar a bheith rathúil agus gur tábhachtach go mbeadh daoine óga ar an eolas faoi na féidearthachtaí fostaíochta atá ar fáil sa teanga, fiú muna bhfuil Gaeilge sa bhaile acu.

Close
Close