Lá Céiliúrtha an Ghaeloideachais i nDeisceart Thír Eoghain

Cuireadh ócáid thar a bheith speisialta ar siúl ar Choc Uí Néill, Dún Geanainn, Tír Eoghain, ar na mallaibh le ceiliúradh a a dhéanamh ar an fhás agus ar an fhorbairt atá tagtha ar earnáil na Gaelscolaíochta sa cheantar.

Bhí daltaí scoile i láthair ó Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail, Gaelscoil Eoghain, An Chorr Chríochach, Gaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn, agus ó Scoil Iosaef ar an Domhnach Mór. Deis iontach a bhí ann do na páistí bualadh le chéile chomh maith. 

Bhí ionadaithe ann ó na heagraíochtaí Gaeilge áitiúla agus ó Chomhairle an Gaelscolaíochta, Gael Linn agus Comhairle Ceantair Lár Uladh. Thug Cónall Ó Máirtín, Eagarthóir Oideachais TG4 agus TG4 Foghlaim, óráid spéisiúil faoi aistear s’aige féin leis an Ghaeilge agus faoin nasc atá aige le Gaelscoil Aodha Rua. Labhair Mark Harte, iarpheileadóir le Tír Eoghain agus Oifigeach Tacaíochta Teanga Ollscoil na Banríona, faoi ról lárnach na teanga ina shaol féin chomh maith. 

Labhair Seán Antón Ó Connalláin, Oifigeach Forbartha Gaeilge de chuid Chomhairle Ceantair Lár-Uladh, agus Eugene McConnell, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair Lár Uladh ar an lá chomh maith. 

Close
Close