Imeacht ardaithe feasachta na scéime 'Scoil Spreagtha'

Cuireadh imeacht ardaithe feasachta ar siúl ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn déanta ag an scéim de chuid Gael Linn, Scoil Spreagtha. 

Is scéim chreidiúnaithe é Scoil Spreagtha a bunaíodh i mí na Samhna 2023 a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge a spreagadh i measc daltaí agus múinteoirí bunscoile in earnáil an Bhéarla ó thuaidh.

D'fhreastail Meon Eile ar an ócáid ar na mallaibh in Ionad Eileen Howell / Naomh Comhghall ar Bhóthar na bhFál mBéal Feirste. Thug Rachel Poland, Múinteoir Rang 2 ag Naomh Iósaef ar an Chaisleán Nua, léargas iontach ar cad é mar a d'éirigh lena scoil féin sa scéim go dtí seo. Labhair Ciarán Mac Giolla Bhéin faoi thodhchaí na Gaeilge mar ábhar scoile. Sheol Stiofán Carson a thorthaí taighde ar Scoil Spreagtha idir 2023 agus 2024, agus chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, críoch leis an lá. Ar a bharr sin, cuireadh seisiúin ar siúl i rith an lae a bhí dírithe ar oifigigh Ghaeilge, ar oidhreacht na scéime 'Léargas’ a bhunaigh Cultúrlann Uí Chanáin, agus ar nithe eile.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le Rachel Poland, le Ciarán Mac Giolla Bhéin, le Stiofán Carson, agus le hOifigeach Polasaí Oideachais Gael Linn, Séamas Mac Eochaidh.

Is é a dúirt Séamus:

"Dá mbá rud é nach raibh Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i mo scoil féin ag an bhunleibhéal, is dócha nach roghnóinn an Ghaeilge ag an mheánleibhéal. Caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil, agus in úsáid in achan earnáil, le go mbeadh níos mó deiseanna ann go mbeadh níos mó daoine á foghlaim.

Is mór an trua é i láthair na huaire nach bhfuil aon cinéal tacaíochta rialtais againne maidir leis an scéim seo. Tá muid fíor-bhuíoch as an maoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil leis an scéim a rith ach i láthair na huaire tá a bheag nó a mhór 15,000 dalta le 82 scoil, 620 múinteoirí, agus níl duine ar bith fostaithe againn le bheith ag obair ar an scéim. Sin an fhorbairt is mó atá de dhíth orainn leis seo a roladh amach. Ba mhaith linn dul i ngleic leis an éileamh agus ba mhaith linn go mbeidh an scéim inbhuanaithe."

Más spéis le do scoil féin a bheith páirteach in 'Scoil Spreagtha', is féidir ríomhphost a chur chuig [email protected]

Is scéim é Scoil Spreagtha a bhíonn á eagrú ag Gael Linn, ag Cultúrlann Uí Chanáin agus ag Ollscoil Uladh, agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. 

Close
Close