Gradaim GaelChúrsaí agus seoladh na haipe ‘Iolrú’

Is acadamh gairmiúil é GaelChúrsaí atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste agus a chuireann traenáil ar fáil do Ghaeilgeoirí idir óg agus aosta i réimse leathan ábhar, ina measc áilleacht, gruagaireacht, agus cócaireacht.

Is é an t-aon eagras dá leithéid ar an oileán.

Tháinig na céimithe ón bhliain seo caite le chéile ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid atá bainte amach acu.

Ar an lá thug GaelChúrsaí an deis aip mhata nua s’acu a sheoladh. ‘Iolrú’ is teideal dó agus beidh sé ar fáil don phobail luath sa bhliain úr. Cuidiú iontach a bheidh ann do dhaoine atá ag déanamh TGMO Matamaitic.

I láthair ag an teacht le chéile bhí ionadaithe ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, an t-Ardmhéara san áireamh a thug óráid faoin mhaoiniú a chuireann siad ar fáil don choláiste fríd an Acadamh Fostaíochta Gaeilge.

Labhair Meon Eile le Frances Hand, Comhordaitheoir Cúram Leanaí le GaelChúrsaí, faoin éacht mhór atá déanta ag na scoláirí agus an cuidiú a thabharfaidh ‘Iolrú’ san ullmhúchán do na scrúduithe atá le teacht an samhradh seo chugainn.

Bhí deis againn fosta labhairt le duine de na céimí, Grace, a bhain teastas Leibhéal 2 san Áilleacht amach i mbliana. D’inis Grace dúinn faoin dlúthchaidreamh atá idir achan duine a bhíonn ag freastal ar GhaelChúrsaí agus na buntáistí atá ann le bheith ag traenáil ina teanga féin.

Close
Close