Gaelscoil na gCrann i gComórtas F1 Jaguar


Níl sé furasta gnó a thosnú ó bhonn ach is é sin an t-éacht ollmhór atá déanta ag páistí Ghaelscoil na gCrann i gCoillidh Chlochair, Contae Thír Eoghain.

Le ceithre mhí anuas, bhí Rang 6 agus Rang 7 ag glacadh páirt i gcomórtas STEM a bhí eagraithe ag SENTINUS i gcomhoibriú leis an chomhlacht gluaisteán Jaguar. 

Mar chuid den Dúshlán F1, cuireadh na páistí i ngrúpaí agus rinneadh taighde ar an dóigh is fearr chun carr gasta a chruthú. Bhí ar gach grúpa carr a dhearadh agus a chruthú ag úsáid meaisín speisialta darb ainm gearrthóir Silhouette.

Bhunaigh gach grúpa comhlacht, sheol siad feachtas margaíochta agus chruthaigh siad a gcuid brandála féin. As na naoi bhfoireann a bhí ann i nGaelscoil na gCrann, chuaigh ceithre cinn acu go dtí an Baile Meánach chun páirt a ghlacadh sa chomórtas réigiúnach i mí Bealtaine.

Chomh maith leis an rás é féin a dhéanamh ar an lá, bhí ar Venomous Vipers, Midnight Motors, Insomnia agus Lightning taispeántas, cur i láthair agus tasc innealtóireachta a dhéanamh. Fuair na foirne uilig aiseolas iontach ó mholtóirí an chomórtais ach roghnaíodh na Venomous Vipers le dul fríd chuig an bhabhta ceannais in Birmingham ar an 11ú Meitheamh.

Dúirt Séamas Mac Eochaidh, múinteoir agus comhordaitheoir STEM na scoile, go bhfuil sé “an-bhródúil ar fad as na páistí a bheas ag glacadh páirte, ní amháin ar son na scoile, ach ar son earnáil na Gaelscolaíochta. Is seans den scoth é seo le taispeáint go bhfuil muid, mar Ghaelscoil, chomh maith chéanna ag ábhair cosúil leis ADTO nó STEM.”

Guímid gach rath ar na Venomous Vipers agus iad ag dul go Birmingham anois chun páirt a ghlacadh san ollchomórtas F1!

Close
Close