Gaelscoil Éadain Mhóir i mbun rith ildaite

Ghlac daltaí Ghaelscoil Éadain Mhóir páirt i rith ildaite chun deireadh na bliana acadúla a cheiliúradh an tseachtain seo caite. Labhair Meon Eile le príomhoide na scoile agus cúpla dalta lena fháil amach cad mar a d’éirigh leo.

Bhí gach rang sa scoil agus naíscoil páirteach san imeacht agus ba léir go raibh spórt agus spraoi ag gach duine a ghlac páirt ann, na múinteoirí agus cúntóirí san áireamh!

Bhí lúcháir ar an scoil go raibh siad in ann an rith a eagrú do na páistí amuigh faoin aer i ndiaidh an oiread sin ama a bheith taobh istigh. Tá Gaelscoil Éadain Mhóir ag súil le saoire an tsamhraidh anois agus leis na himeachtaí eile a bheidh acu amach anseo.

Close
Close