Osclaíodh doirse Ghaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin ar an 1 Meán Fómhair, 2015, agus 15 dhalta ar na rollaí. Níos mó ná deich mbliana ar aghaidh, tá an scoil ag dul ó neart go neart, le líon mór daltaí agus áiseanna den scoth.
Is cinnte gur cloch mhíle thar a bheith suntasach é seo don Ghaelcholáiste féin agus don Ghaelscolaíocht i gContae Dhoire agus san iarthuaisceart trí chéile. Tagann daltaí na scoile ó achan chearn de chontae Dhoire, ó áiteanna sa chathair, ó Mhachaire Fíolta agus ó Léim an Mhadaidh, chomh maith leis an tSrath Bán i gContae Thír Eoghain. Cuireann an meascán de dhaltaí ón chathair, ón tuath agus ó na bailte beaga leis an atmaisféar dearfach fáilteach atá le mothú timpeall na scoile.
Is i seanchaisleán Dhun Geimhin atá an Gaelcholáiste lonnaithe agus táthar ag cur leis an chaisleán ón chéad bhliain. Tógadh ‘Bloc na Sainseomraí’ le haghaidh seomraí Eolaíochta, Eacnamaíocht Bhaile, agus eile. Breis agus dhá bhliain ó shin, tógadh ‘Áras Chianachta’ le deich seomra ranga don Teicneolaíocht & Dearadh, Svuít Ealaíne agus Svuít Cheoil. I mí Mheán Fómhair 2025, fuair an scoil halla mór agus ionad nua spóirt le cúirt liathróide láimhe ann. Agus an halla mór tógtha, den chéad ariamh bhí deis ag an scoil iomlán, ó bhliain 8 go bliain 14, bailiú le chéile le haghaidh tionóil.
Rugadh agus tógadh Príomhoide na scoile, Diarmaid Ó Bruadair, ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste, áit ar fhreastail sé ar an chéad bhunscoil Ghaeilge ó thuaidh. D’oibrigh sé ina mhúinteoir ag Coláiste Feirste ar feadh 14 bliana agus anois tá aistear agus éacht speisialta bainte amach aige i gContae Dhoire, rud a bhfuil sé thar a bheith bródúil as.
Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelcholáiste Dhoire ar na mallaibh. Labhair muid le Diarmaid, leis an Cheannaire Bliana, Catherine Mhic an Bhaird, le Ciarán agus Fae ó Bhliain 14 agus le Naoise ó Bhliain 8.


