'Faoi Bhrat Bhríde' in Ó Méith

Is é ‘Faoi Bhrat Bhríde ’an teideal a bhí ar óráid a thug an Dr Seán Ó Coigligh sa Dolmen Centre in Ó Méith, Contae Lú, ar na mallaibh.

Dhírigh an chaint ar Choláiste Bhríde a bhí lonnaithe in Ó Méith ag tús an 20ú céad sular bogadh é go Rann na Feirste i gContae Dhún na nGall. Pléadh na daoine agus grúpaí éagsúla a chuidigh leis an choláiste chomh maith leis na constaicí a bhí ann dóibh ag an am, amhail an easpa tacaíochta a bhí ann chun an Ghaeilge a theagasc sa churaclam náisiúnta, cé gurbh í an phríomhtheanga a bhí ag an chuid is mó de na páistí a d’fhreastail ar na scoileanna.

Ní seo an chéad imeacht ‘Faoi Bhrat Bhríde’. Deich mbliana ó shin in 2012 tugadh cuireadh do Sheán óráid a thabhairt ag comóradh céad bliain de Choláiste Bhríde, Ó Méith. Rinne Seán staidéar ar an Choláiste mar chuid de thráchtas s’aige agus é i mbun iarchéime i mBaile Átha Cliath. Tháinig an slua céanna ar ais afách chomh maith le daoine nua chun ceiliúradh a dhéanamh ar an áit stairiúil le chéile.

Tá fíorthábhacht ag baint le Ó Méith ó thaobh oidhreacht Ghaelach cheantar Oirialla de. Mhínigh Seán dúinn nach Coláiste aonair a bhí i gceist ach go raibh sé mar chuid de ghluaiseacht a bhí faoi stiúradh Chonradh na Gaeilge chun scileanna a thabhairt do mhúinteoirí i dteagasc na Gaeilge.

Ó 1912 go 1927, bhí ról lárnach ag Coláiste Bhríde, Ó Méith sa ghluaiseacht náisiúnta chun múinteoirí na tíre seo a ullmhú i gceart le go mbeadh siad in ann páistí a theagasc trí mheán na Gaeilge. Chuir na coláistí sin an-bhéim ar athbheochan na Gaeilge mar theanga labhartha na tíre seo in áit teanga léitheoireachta agus scríbhneoireachta amháin.

Cuireadh 'Faoi Bhrat Bhríde' ar bun le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádala, Engage4Change agus Omeath District Development.

Close
Close