Dianchúrsa rathúil ag Turas in Oirthear Bhéal Feirste

Dé Sathairn seo caite d'fhreastail 140 duine ar dhianchúrsa de chuid Turas, an eagraíocht Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste. Bhí 5 rang ann ar an iomlán - an bunrang, an dara rang, an meánrang íochtair, an meánrang uachtair agus an t-ardrang, agus thart ar 30 ag freastal ar achan rang.

Bhí dhá am sosa agus lón uair an chloig ann, rud a thug deis do na mic léinn ar fad aithne a chur ar a chéile agus dul i dtaithí ar an áit, go háirithe iad siúd nach raibh ag Turas roimhe. 

Bhuail Meon Eile isteach chucu le labhairt le Stiofán Carson, Oifigeach Forbartha Acmhainní ag Turas, chomh maith le beirt daltaí a bhí ag freastal ar an ardrang, Jake Dalzell agus Caoimhín McNally.

Beidh na ranganna Gaeilge ag toiseacht ag Turas arís don bhliain úr ar an 16 Meán Fómhair agus tá breis agus 20 rang beartaithe acu. Tá níos mó ná 300 cláraithe cheana féin ach go fóill níos mó spásanna ar fáil. Má tá spéis agat clárú do na ranganna, is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Close
Close