Deiseanna fostaíochta Gaeilge faoi chaibidil in Ollscoil na Banríona

Tháinig Dónall Ó hÉigeartaigh, Comhordaitheoir na Mac Léinn ar an Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge, go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, an tseachtain seo caite le caint a thabhairt faoi dheiseanna fostaíochta le Gaeilge.

Bhí sé mar sprioc ag Dónall léargas a thabhairt do na mic léinn a bhí i láthair ar na bealaí ar féidir leo a gcuid Gaeilge a chur in úsáid ina slite beatha amach anseo. Labhair sé faoi na hearnálacha éagsúla a bhfuil éileamh ar Ghaeilgeoirí iontu. Chuir sé béim faoi leith ar an earnáil phoiblí, agus i measc na n-earnálacha eile bhí na meáin chumarsáide agus an t-aistriúchán.

Labhair Meon Eile le Dónall é féin agus leis an Dr Síobhra Aiken a mhúineann modúl darb ainm ‘Gairmeacha le Gaeilge ’mar chuid den chúrsa Gaeilge ar Ollscoil na Banríona. Bíonn deis ag na mic léinn a dhéanann an modúl seo tréimhse taithí oibre a dhéanamh in eagraíochtaí agus in ionaid lán-Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, labhair muid le Tiarna Ní Néill, scoláire a bhí i láthair ag an cheardlann, faoin tairbhe a bhain sí aisti

Close
Close