Craobh Abair 2023 agus seoladh an ríomhleabhair ‘Abair Amach É!’ in Aonach Mhacha

Bhailigh daoine ó roinnt scoileanna i gCúige Uladh le chéile in Aonach Mhacha an tseachtain seo caite le scoth na cainte poiblí a chluinstint ag Craobh Abair de chuid Gael Linn. Ócáid iontach speisiúl a bhí ann le réimse leathan toipicí a roghnaigh agus a scríobh na daltaí iad féin. Is cinnte go raibh cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí!

Seoladh an ríomhleabhar ‘Abair Amach É’ mar chuid den ócáid seo. Ais foghlamtha agus leabhair tacaíochta atá ann, ina mbailítear cuid de na hóráidí a cuireadh i láthair sa chomórtas thar na blianta.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le beirt chainteoirí faoi na hábhair a phioc siad, le Ciarán Mac Giolla Bhéin a bhí ina mholtóir ar an lá agus le Réamonn Ó Ciaráin faoin chaighdeán cainte a bhí ann agus faoi ‘Abair Amach É!’.

Buaiteoirí Abair 2023

Roinn A

1 – Molly Ní Cheallacháin - Coláiste Mhuire, Dún Dealgan

2 – Charlie Mac Con Midhe - Coláiste Mhuire, Dún Dealgan

Roinn B

1 – Anú Nic Ruairí – Scoil na Maighdine Muire, An tIúr

2 – Róise Ní Dhochartaigh - Scoil Iósaef, An Domhnach Mór

Roinn C

1 – Seaic Mac an Gheairr – Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn

2 - Aodh Mac Murchaidh - Scoil na Mainistreach, An triúr

Roinn D

1 – Aoife Ó Dea Nic Fhionnghaile – Pobalscoil Ghaoth Dobhair

2 – Dearbhla Ní Mhearáin - Coláiste Oiriall, Muineachán

Duais Speisialta Gael Linn 70

Saorlaith Nic Cionnaith – Coláiste Oiriall, Muineachán

Close
Close