Comhdháil EALTA 2024

Cuireadh an 20ú bliain de Chomhdháil EALTA (European Association for Language Testing and Assessment) ar siúl an tseachtain seo caite idir an 4ú agus an 9ú Meitheamh, i gColáiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis, Bhéal Feirste. Ag an chomhdháil i mbliana, bhí siad ag amharc ar an am a chuaigh thart, an t-am faoi láthair agus ar an todhchaí i dtaca le measúnú teangacha san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Bunaíodh an chomhdháil siar in 2004 mar gheall ar an dualgas níos mó a bhí ar oideoirí, taighdeoirí agus measúnuithe proifisiúnta tacú leis an dea-chleachtas i scrúduithe agus measúnuithe fud fad na hEorpa. Ó bunaíodh an EALTA, tá an earnáil i ndiaidh méadú ollmhór a fheiceáil i ngairmiúlacht agus foilsíodh cuid mhór taighde ar réimse leathan ceisteanna. 

D'fhreastail Meon Eile ar an chomhdháil Dé hAoine agus bhí muid i láthair don siompóisiam ar Earnáil na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann agus ar ról theagasc na dteangacha agus na measúnachta.

Labhair roinnt daoine ar an lá: Aisling O'Boyle, Mel Engman, Yecid Ortega, Sultan Turkan, Orlaith Uí Dhaibhín, Fionnghuala Nic Roibeaird, Eoin Ó Coisneacháin agus Ian Collen.

Bhí an deis againn labhairt le hEoin Ó Coisneacháin ar an lá, Bainisteoir Oideachais ag CCEA.

Tá EALTA urraithe ag British Council, g.a.st., IELTS, ets, Aptis, LANGUAGECERT, Trinity College London, Pearson agus Lancaster University.

Close
Close