Cuireadh tús le bliain eile de Choláiste Samhraidh Charn Tóchair an tseachtain seo taobh amuigh de Mhachaire Rátha, Contae Dhoire. Ba mhór an spraoi a bhí ann idir Rang 1-3 agus iad ag ceol amhrán, ag imirt spóirt agus i mbun ealaíne.
Is é an cumann pobail An Carn a réachtálann an Coláiste tríd an obair óige a dhéanann siad. Bíonn cuid mhaith Ceannairí Óga ag obair ar an scéim agus iad ar an Chlár Ceannasaíochta. Labhair muid le triúr acu agus d’inis siad dúinn faoin phaisean atá acu don obair óige agus faoin chaidreamh atá acu leis An Carn.
Dúirt Ben Ó Baoil, Oifigeach Óige, gur deis iontach atá sa scéim do na déagóirí ar an chlár s’acu agus iad ag forbairt muiníne agus ag foghlaim níos mó faoin obair óige.
D’inis sé dúinn fosta faoin tábhacht a bhaineann leis an scéim do na páistí agus iad anois ar saoire ón scoil. Is iomaí duine óg atá ag freastal air nach bhfuil Gaeilge acu sa bhaile agus dar le Ben go dtugann an Coláiste Samhraidh deis dóibh an teanga a chleachtadh taobh amuigh den scoil. Tá Ben den tuairim go bhfuil níos mó deiseanna de dhíth ar pháistí óga a bheith ag bualadh lena chéile taobh amuigh den teach, i bpearsa gan aon teicneolaíocht.


