Coláiste Feirste - ag cuidiú le catharnachtaí ag an Nollaig

Tá leibhéal an bhochtanais ó thuaidh ag méadú achan bhliain faoi láthair.

Tá níos mó daoine ina gcodladh ar na sráideanna agus níos mó teaghlach ag strachailt le bia a chur ar an tábla.

Bíonn rudaí níos measa ag an am seo bliana ar ndóigh, go hairithe leis an aimsir fhuar fhliuch.

Tá sé i bhfad ró-éasca dearmad a dhéanamh ar na daoine seo agus muid ag fáil réidh leis an Nollaig a cheiliúradh ach tá roinnt carthanachtaí ann a dhéanann obair den scoth chun Nollaig níos sona a chur ar fáil dóibh sin atá i gcruachás.

Don Nollaig seo tá Coláiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste ag cuidiú le trí charthanacht áitiúla.

Tá siad ag bailiú eadaí agus airgead don Welcome Organisation, bia agus táirgí sláintíochta do Bhanc Bia Iarthar Bhéal Feirste agus, le cuidiú le Naomh Vincent De Paul, chuir siad crann carthanachta in airde.

Leis an chrann seo, thig le daltaí agus múinteoirí sa mheánscoil bronntanas a cheannach do phaistí a bhfuil a dteaghlaigh ar an ghannchuid.

Más rud é go bhfuil tú féin ag iarriadh rud éigein a bhronnadh, nó lámh chuidithe a thabhairt, tabhair cuairt ar na suíomhanna seo thíos:

https://www.homelessbelfast.org

https://www.svp.ie/appeal/ 

https://westbelfast.foodbank.org.uk

Close
Close