Ceardlann Máire Zepf le Féile Focal

Bhí daltaí ó Scoil Naomh Dominic, Béal Feirste, páirteach i gceardlann filíochta leis an scríbhneoir Máire Zepf mar chuid d’Fhéile Focal atá á reáchtáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Labhair Máire Zepf le Meon Eile faoin cheardlann agus faoin rud a d’úsáid sí mar inspioráid le linn na ceardlainne - milseáin seirbit líomóide. Thug sí deis do na páistí a bheith ag scríobh faoin fhuaim a bhíonn leis na milseáin, ansin an mothú, an boladh agus an blas. Agus is léir gur chuir na cailíní an-suim sa phróiseas chruthaitheach seo.

In éineacht leis na daltaí, bhí múinteoir Gaeilge Scoil Naomh Doiminic, Clíodhna Nic Néill, labhair Meon Eile léi faoin tionchar a bhíonn ag ceardlann filíochta den chineál seo ar bhuanna litríochta na ndaltaí scoile. Thug sí léargas faoin mhéid a d’fhoghlaim na daltaí faoin phróiseas scríbhneoireachta le linn na ceardlainne agus faoin dóigh a chuidíonn sé leis an tsamhlaíocht.

Close
Close