Teastais bronnta ar rannpháirtithe ‘An Mheitheal Mheantóireachta’

Is scéim traenála í an Mheitheal Meantóireachta do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge, i ngach cearn den tír, nó atá ag iarriadh a bheith ag obair ann amach anseo. 

Cuireann an scéim tacaíocht agus oiliúint ar fáil, idir mhodúil phraiticiúla agus mhodúil theoiriciúla, chun cuidiú le rannpháirtithe i réimse gnéithe éagsúla d'obair phobail: cruinnithe a eagrú, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, buiséid a ullmhú agus féilte a eagrú, i measc go leor nithe eile.

Bhunaigh Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an Dr Orla Nig Oirc an scéim in 2023 lena dtaithí agus lena saineolas féin a roinnt le daoine eile, táithí atá bailithe acu beirt i ndiaidh dóibh ag obair san earnáil phobail le blianta fada.

Le déanaí reáchtáladh searmanas in Ollscoil na Ríona chun teastais a bhronnadh ar rannpháirtithe na bliana seo. Tugadh cuireadh do Meon Eile agus labhair muid le Ciarán, leis an Dr Síofra Aiken ó Ollscoil na Ríona agus le Caoimhe Ní Choinn, a ghlac páirt sa Mheitheal Mheantóireachta i mbliana.

Is é a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin:

“Cuireann an Mheitheal Mheantóireachta oiliúint agus traenáil ar fáil d’fhostaithe in earnáil na Gaeilge agus is é an chéad chúrsa dá leithéid é atá forbartha go sainiúil dóibh siúd atá ag plé leis an Ghaeilge gach lá. Ba ar mhuintir Bhéal Feirste a bhí an scéim phíolótach dírithe an bhliain seo caite, ach bhí áthas orainn an scéim a oscailt i mbliana do phobal na tíre ar fad. Bhí fear amháin inár measc a thaistil an bealach ar fad as Oileán Chléire i gCo. Chorcaí chun freastal ar na seisiúin.”

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close