Bronnadh Scoil Spreagtha in Ollscoil Uladh

Chruinnigh múinteoirí agus daltaí bunscoile le chéile ar champas Ollscoil Uladh i gcathair Bhéal Feirste ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bheagnach bliain amháin den scéim ‘Scoil Spreagtha’, atá eagraithe ag Gael Linn, Cultúrlann Uí Chanáin agus Ollscoil Uladh, agus maoinithe ag Foras na Gaeilge

Is scéim chreidiúnaithe é ‘Scoil Spreagtha’ a bunaíodh i mí na Samhna 2023. Is í aidhm na scéime ná páistí agus múinteoirí bunscoile in earnáil an Bhéarla a spreagadh chun Gaeilge a úsáid le linn an lá scoile. Cuireann Gael Linn tacaíocht agus acmhainní ar fáil do níos mó ná 80 scoil i dTuaisceart na hÉireann.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid ar leith seo, áit a bhfuair na scoileanna creidiúnú agus bronntanais mar gheall ar na héachtaí atá déanta acu i rith na scoilbhliana seo. Labhair muid le Séamas Mac Eochaidh ó Ghael Linn agus le Siúbhan Nic Amhlaoibh ó Chultúrlann Uí Chanáin faoi thús na scéime seo agus an nasc atá acu le chéile agus le hOllscoil Uladh.

Bhí deis againn labhairt le Rachel Mhic Phóilin, atá ina múinteoir bunscoile, faoi na buntáistí atá feicthe aici ó thosaigh an scéim seo agus an fhorbairt oideachasúil atá ag baint le teangacha a fhoghlaim ag aois bunscoile.

Close
Close