Bronnadh ‘Gaelbhratach’ 2019

Bronnadh Gaelbhratacha ar 70 scoil ag ócáid bhronnta de chuid Ghael Linn i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

Is scéim í Gaelbhratach a spreagann scoileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn, ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile.

Bunaíodh an scéim sa bhliain 2013 le normalú na Gaeilge a chothú i scoileanna na tíre.

I ndiaidh do na scoileanna buacha spriocanna áirithe a bhaint amach a bhain le cúrsaí ceoil, ealaíne, spóirt agus reachtáil imeachtaí, d'fhreastail baill na gcoistí ar bhronnadh na Gaelbhrataí.

Bhronn an láithreoir aimsire agus teilifíse Caitlín Nic Aoidh na bratacha ar na daltaí agus bhí neart siamsaíochta agus ceoil ann dóibh i Ráschúrsa Bhaile na Lobhar.

Bhí Meon Eile i láthair ag an bhronnadh agus seo mar a thit cúrsaí amach...

Close
Close