Bronnadh Gaelbhratach 2023

Bronnadh Gaelbhratacha ar dhaltaí ó scoileanna iar-bhunleibhéil timpeall na tíre ar na mallaibh. Is ag Campus Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhí an t-imeacht spreagúil ar siúl, imeacht ag a raibh níos mó ná 200 dalta i láthair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair iontach a rinne siad i rith na bliana leis an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid scoileanna.  

Bhí deis ag na daltaí bualadh le daoine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge gach lá agus foghlaim faoi na poist atá acu: bhain siad triail as an aimsir a chur i láthair os comhair scáileán glas, bhí ceol bríomhar ó cheoltóirí ar nós Tadhg Griffin, d’fhoghlaim siad ó Chonradh na Gaeilge faoi na deiseanna a bheidh ann dóibh ó thaobh slí bheatha de, le cois go leor rudaí eile.

Bhí pléphainéal suimiúil i láthair ar an lá fosta; Éadaoin Fitzmaurice, bunaitheoir Fia Digital, podchraoltóir agus cruthatheoir ábhair ar na meáin shóisialta; Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus Chloe Ní Ruairc, comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge le Conradh na Gaeilge. Thug an triúr acu léargas ar fheabhas ar na féidearthachtaí atá ann inniu do chainteoirí Gaeilge. Bhí teachtaireacht bhreise ag Éadaoin do na daltaí agus í ag déanamh a machnaimh ar ról na Gaeilge ina saol go dtí seo: “muna bhfuil (an deis) ann, cruthaigh é.”

Labhair Meon Eile le Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, le múinteoir as Coláiste Chnoc na Labhras, Sinéad Nic Cumhaill, le dalta as Scoil Ghramadaí Mhuire, Joseph, agus le beirt daltaí as Gaelcholáiste Chiarraí, Paige agus Kiana.

Tá feabhas nach beag tagtha ar dhearcadh daoine óga ar an Ghaeilge thar na blianta ach tá obair le déanamh go fóill le cur i gcuimhne dóibh go bhfuil saol mór Gaeilge ar fáil dóibh.

Is é a dúirt Réamonn Ó Ciaráin: “Tá Gaelbhratach 10 mbliana ar an fhód i mbliana agus tá foireann den chéad scoth ag obair ar Ghaelbhratach ag Gael Linn. Léiríonn Gaelbhratach go bhfuil scéal na Gaeilge ag éirí níos dearfaí, go bhfuil teachtaireacht an-láidir ag an scéim agus thar aon rud eile go gcuireann Gaelbhratach an teanga chun cinn mar theanga seachas mar ábhar scoile.”

Gabhann Gaelbhratach buíochas leis na maoinitheoirí, Foras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais, agus leis na scoileanna as bheith páirteach, chomh maith le Leabharlann Ollscoil Bhaile Átha Cliath as an imeacht a hóstáil.

Close
Close