Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge ar Champas Mhic Aoidh, Ollscoil Uladh i gCathair Dhoire.
Tá an-éileamh ar an chéim Onóracha Singile sa Ghaeilge, chomh maith leis na comhchéimeanna éagsúla - Dlí le Gaeilge, Gaeilge agus Ceol, Gaeilge agus Gnó, agus Gaeilge agus Oideachas.
Tá 135 mac léinn cláraithe ar na cúrsaí fochéime a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar iontu agus 20 duine ag freastal ar chúrsaí iarchéime. Tá méadú 300% tagtha ó 2021 ar líon na ndaltaí sa chéad bhliain.
Thug Meon Eile cuairt ar Champas Mhig Aoidh ar na mallaibh, áit ar labhair muid le roinnt mic léinn faoina n-eispéireas ar an Ollscoil go dtí seo. Labhair muid fosta leis an léachtóir le Gaeilge, An Dr Niall Comer.


