Ag comhroinnt an chultúir i nDún Pádraig

Cúpla seachtain ó shin le deireadh na scoilbhliana a cheiliúradh, bhí lá cultúir ag na daltaí ó bhliain 8 i Scoil Ghramadaí Phádraig agus in Ardscoil an Dúin, Dún Pádraig, Contae an Dúin. 

Cuireadh an dá scoil, a thagann ón dá mhórthraidisiún ó thuaidh, lena fhoghlaim faoi ghnéithe éagsúla de chultúr a chéile.

Bhí damhsa céilí, drumaí Lambeg, damhsa sean-nósi, ceol, léachtaí ar an stair agus imeachtaí spóirt mar chuid den lá.

Thug Meon Eile cuairt ar na scoileanna agus chuaigh muid in éineacht le grúpa daltaí agus iad ag glacadh páirt i ngach ceann de na gníomhaíochtaí.

Labhair muid le Stiofán Carson ó Turas a bhí ann le labhairt faoi loganimneacha agus faoin stair atá taobh thiar díobh. Labhair muid fosta le páistí ón dá scoil lena dtuairimí a fháil faoin imeacht.

Close
Close