Cuireadh ‘Abair Óg’ ar siúl i Sruth Gaeilge Choláiste Chaitríona i gCathair Ard Mhacha ar na mallaibh.
Comórtas cainte poiblí do dhaltaí i mblianta 10 agus 11 is ea 'Abair Óg’ a thugann deis ar leith do dhaltaí dul ar stáitse agus óráid a thabhairt os comhair a gcomhscoláirí.
Is deis iontach é fosta leis na daltaí a spreagadh agus a ullmhú do Chraobh ‘Abair’, comórtas de chuid Gael Linn a bhíonn ar siúl gach bliain.
Tá cúrsa ar leith curtha le chéile do dhaltaí bhliain 10 sa Sruth le cuidiú leo a n-óráidí a scríobh. Foghlaimíonn siad faoi na teicnící a bhíonn de dhíth, faoin chinéal teanga, an struchtúr fóirsteanach ó thús deireadh agus na cineálacha ceisteanna ar chóir dóibh béim a chur orthu, ag brath ar an topaic a roghnaíonn siad. Nuair a chuireann siad tús le GCSE Irish i mbliain 11, bíonn siad ábalta tógáil ar na scileanna sin agus forbairt a dhéanamh orthu.
I mbliain 10, bronnadh an Chéad Áit ar Lara agus an Dara hÁit ar Chlodagh. I mbliain 11, bronnadh an Chéad Áit ar Ruby agus an Dara hÁit ar Francesca.
Bhí an deis againn labhairt le Ruby agus Francesca, chomh maith le Bean Mhic Thiarnáin a bhí ina moltóir, agus le Bean de Bléine, Comhordaitheoir Sruth na Gaeilge.
Osclaíodh an Sruth Gaeilge i gColáiste Chaitríona siar in 2002. Mar sin táthar ag tarraingt ar 25 bliana agus tá Bean de Bléine ann ón tús.
Is é a dúirt sí:
“Creidim féin gur chuidigh an Sruth go mór leis an Ghaeilge in Ard Mhacha féin. Bhí scoil s’againne riamh iontach láidir ó thaobh na Gaeilge de agus creidim féin gur choinnigh an Sruth Gaeilge an Ghaeilge beo sa scoil. Tá uimhreacha iontach ard againn - tá 36 i mbliain 13 i mbliana agus tá 21 i mbliain 7, agus is deas liom sin a fheiceáil. Bhí mé ann ón tús agus cuireann an fás a tháinig agus an borradh atá faoin Ghaeilge anois gliondar orm cinnte.”
Is mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge a cuireadh an t-imeacht ar siúl chomh maith.


