Feachtas faoi thithe míoca Dhún na nGall

Tá breis agus 5,000 teach i nDún na nGall i mbaol titim as a chéile mar gheall gur tógadh iad le bricí lofa a bhfuil míoca. Is mianra é míoca a shúnn isteach uisce, rud a fhágann go dtiteann sé as a chéile go furasta.

Chuir rialtas na hÉireann scéim tacaíochta ar fáil do na teaghlaigh atá thíos leis an fhadhb le go bhfaigheadh siad 90% den chostas atógála ar ais, ach tá an pobal a rá nach bhfuil an scéim seo maith go leor agus tá siad ag iarraidh go n-amharcfaidh an rialtas air arís le 100% de na costais a chúiteamh leo.

Is máthair agus múinteoir í Aoife Nic Sheáin atá ina cónaí ar Oileán na hInse i Loch Súilí. D'oibrigh sí ar feadh a saoil ionas go mbeadh sí in ann teach a thógáil ach tá saol s'aici ag titim as a chéile thart uirthi anois mar gheall gur tógadh a teach le bricí lofa. Beidh ar an teaghlach a dteach a leagan agus a tógáil arís agus níl Aoife sásta leis an tacaíocht - nó easpa tacaíochta - atá á fáil ag muinteoir Dhún na nGall. Deir sí gur tharla amhlaidh i mBaile Átha Cliath agus gur cuireadh scéim i bhfad ní b'fhearr ar fáil ansin, mar sin níl uithi ach go gcaifear ar an dóigh chéanna le muintir an iar-tuaiscirt.

Is príomhoide bunscoile í Brigid McGonagle agus, cosúil le hAoife, tógadh a teach le bricí lofa míoca. Tá a teach ag titim as a chéile le scoilteanna móra ag fás ann achan lá agus cé go bhfuil náire uirthi a teach a thaispeáint don saol mór, mothaíonn sí gur ga di léiriú cé chomh holc is atá sé go mbeidh sí in ann an scéal a scaipeadh. Tá sí féin fosta ag iarraidh aird a tharraingt ar an fhadhb le go dtiocfaidh athrú ar an scéim tacaíochta ionas go tabharfar cothrom na féinne do gach duine.

Close
Close