Tionól an Tuaiscirt - athbhreithniú bliana

Tionól an Tuaiscirt - athbhreithniú bliana
Seomra an Tionóil
Seomra an Tionóil

Ciarán Dunbar

Ní fada anois go mbeidh Baill Tionóil an Tuaiscirt ar saoire ar feadh beagnach dhá mhí, ó 6 Iúil go 1 Meán Fómhair, is ceist don toghlach é má tá an méid sin tuillte acu.

Tá 108 Ball Tionóil ann i láthair na huaire, tuigtear go bhfuil an méid sin ann de bhrí go rabhthas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh suíocháin ag na páirtithe dílseacha nuair a bunaíodh an Tionól – mar sin féin níl aon ionadaíocht dhílseach ann anois.

Freastalaíonn an 108 ball sin ar 1,810,863 duine, sin daonra an Tuaiscirt dar le daonáireamh 2011. Níl ann ach 60 ball i dTionól na Breataine Bige, d’ainneoin go bhfuil 3,063,456 duine ina gcónaí sa tír sin.

Is cinnte nár chuala muid an méid sin ón Tionól le bliain anuas, ach cad a bhí ar bun acu? Sa mhandáid seo (2011-2015), d’éirigh le trí bhille dhéag aontú na Banríona a bhaint amach, is é sin le rá, go ndearnadh reachtaíocht astu.

Seo iad a leanas:

  • Budget (No. 2) Bill (27 July 2011)
  • Rates (Amendment) Bill (28 February 2012)
  • Pensions Bill (1 June 2012)
  • Budget Bill (20 March 2012)
  • Budget (No. 2) Bill (20 July 2012)
  • Air Passenger Duty (Setting of Rate) Bill (11 December 2012)
  • Superannuation Bill (9 January 2013)
  • Inquiry into Historical Institutional Abuse Bill (18 January 2013)
  • Charities Bill (18 January 2013)
  • Budget Bill (14 March 2013)
  • Business Improvement Districts (21 March 2013)
  • Criminal Justice Bill (25 April 2013)
  • Water and Sewerage Services (Amendment) Bill (25 April 2013)

Is cinnte nár rug ceann ar bith acu greim ar shamhlaíocht an phobail. Ar ndóigh, tharraing an Bille Státseirbhíse (comhairleoirí speisialta) 2013, nó an ‘SPADS Bill’, an méid is mó airde is cainte i mbliana.

D’ainneoin sin, cha raibh an méid sin suntais leis chun an fhírinne a dhéanamh. Ní chuirfidh sé sin isteach ach ar oibrí amháin de chuid Sinn Féin agus ní bheidh aon tionchar aige ar chúrsaí riaracháin nó eacnamaíochta.

Tá an Bille sin ag fanacht le haontú na Banríona anois. Mar sin féin, ó thaobh na polaitíochta de, chuir sé isteach go mór ar Shinn Féin agus chuir sé go mór leis an teannas idir an dá pháirtí náisiúnach.

Tharraing rún Shinn Féin ar phósadh aerach aird chomh maith, cé nach raibh aon seans riamh ann go nglacfadh an Tionól leis.

Vótáil gach Náisiúnach ar a shon in éineacht le 3 aontachtach. Vótáil 50 aontachtach agus trí bhall den Alliance Party ina choinne.

Ní raibh aon dul chun cinn ó thaobh na Gaeilge de le bliain anuas cé gur ábhar plé a bhí inti go minic. Go dtí seo, cuireadh 611 ceist sa Tionól a bhaineann leis an “Irish Language” ó bhí 21 Meitheamh 2007 ann. Ní bhíonn mórán suntas sna ceisteanna seo de ghnáth áfach.

Ar an taobh náisiúnach, títear domsa gurb iad Dominic Bradley (SDLP) agus Daithí McKay (Sinn Féin) a chuir ceisteanna faoin Ghaeilge den chuid is mó.

Is rí-léir gurb é Bradley, nó Ó Brollacháin mar is fearr aithne air i measc na nGael, an Ball Tionóil is eolaí ar chúrsaí Gaeilge sa Tionól.

Bheadh dianchomórtas ann idir é féin agus a chomhghleacaí ón SDLP, Patsy McGlone, maidir leis an duais ‘An Gaeilgeoir is líofa sa Tionól’, cha bhíonn McGlone leath chomh gníomhach ar cheist na Gaeilge áfach.

Ar an taobh aontachtach, chuir Jim Allister, TUV, an-suim sa Ghaeilge le bliain anuas, ón dearcadh gur fíor-dhrochrud amach is amach atá inti agus gur cheart go mbeadh gach aire ag déanamh a ndícheall chun í a chur faoi chois. Mothaím gurb é Jim Allister a chuireann an méid is mó spéise sa Ghaeilge sa Tionól ar fad.

Is léir gur chuir an DUP an-spéis sa teanga le bliain anuas chomh maith le Thomas Buchanan, Alex Easton, Michelle McIlveen agus Peter Weir ag díriú isteach ar chostais agus ar imní faoi dhul chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais.

Chuir Buchanan an cheist is amaidí le bliain anuas gan amhras nuair a mhaígh sé go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste – tá an cúrsa féin beagnach go hiomlán trí Ghaeilge.

Ceist eile an-aisteach ar fad ó thaobh na Gaeilge de ná an ceann seo a leanas ó Chris Hazzard  (Sinn Féin – An Dún Theas):

“To ask the Minister of Enterprise, Trade and Investment what consideration her Department has given to developing the potential of a Gaeltacht area in South Down.”

Ní raibh aon ábhar iontais i bhfreagra an Aire, Arlene Foster (DUP)… “My Department has given no consideration to developing a gaeltacht area in South Down.”

Caithfear ciall agus cuspóir a leithéid a cheistiú – an é gur cuireadh é díreach chun cur isteach ar an Aire agus ar aontachtaithe?

Ar bhealach, chaith Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus géarchéim na mbrat scáil ar an Tionól i mbliana, bhain an chonspóid agus na hagóidí dá bharr cuid mhór d’aird an phobail ón Tionól.

Caithfear an cheist a chur mar sin, cad atá ar bun ag an Tionól más féidir le Comhairle Chathrach a bheith níos suntasaí ná é?

Close
Close