Líofa: Theip ar an Roinn Pobal measúnú comhionannais a dhéanamh

Foilsíodh torthaí fiosrúcháin Choimisún Comhionannais Thuaisceart Éireann ar maidin a deir gur theip ar an Roinn Pobal measúnú comhionannais a dhéanamh ar chuid de chinntí na roinne faoi mhaoiniú – an deireadh a cuireadh le scéim sparántachtaí Gaeltachta Líofa do 2017 san áireamh.

Dhá lá roimh an Nollaig in 2016, dheimhnigh an tAire Pobal ón DUP Paul Givan go raibh deireadh á chur aige le scéim deontais Líofa, dar luach £50,000, a thug an deis do dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntaiste freastal ar ranganna samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Cáineadh an cinneadh go láidir agus trí seachtaine ina dhiaidh sin bhí athrú iomlán ann do Líofa mar gur dhúirt Paul Givan go raibh sé tar éis theacht ar “the necessary funding to advance the scheme”.

Fuair The Detail amach i mí Eanáir 2017 nach ndearna an Roinn Pobal measúnú ar na himpleachtaí a bheadh ag dúnadh an chiste ar chur chun cinn deiseanna cothroma ó thuaidh.

Dheimhnigh an Roinn Pobal an teip seo i litir chuig an Committee on the Administration of Justice (CAJ) agus an data 13 Eanáir 2017 luaite leis, seolta an lá tar éis do Paul Givan a chinneadh a athrú.

Deir an litir, feicthe ag The Detail: “I can confirm that no equality screening assessment was undertaken on the decision to discontinue the Gaeltacht Bursary Scheme.”

Tá sé anois deimhnithe ag an Choimisiún Comhionannais ina thuairisc a foilsíodh inniu nach raibh aon eolas maidir le measúnú comhionannais curtha faoi bhráid an Aire Givan nuair a rinneadh an cinneadh deireadh a chur leis an scéim sparántachta i mí na Nollag 2016.

Dar leis an fhiosrúchán, theip ar an Roinn cloí le Scéim Comhionannais s’acu féin agus níor cuireadh aon mheasúnú comhionannais san áireamh maidir leis an pholasaí.

Deir an Coimisiún Comhionannais gur cheart go mbeadh an Roinn Pobal tar éis an cinneadh faoi Líofa a láimhseáil mar pholasaí le freagrachtaí comhionannais mar gheall gur bhain an scéim le hairgead poiblí.

Labhair Meon Eile leis an Phríomh-Choimisinéir, an Dr Michael Wardlow, faoi thorthaí an fhiosrúcháin a bhaineann leis an Ghaeilge agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge.

Close
Close