Spriocdháta á lorg do chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge

Spriocdháta á lorg do chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge

Tá Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ag lorg spriocdháta ó Rialtas na breataine faoi choinne chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge ó thuaidh.

Seacht mbliana atá imithe thart ó Chomhaontú Chill Rímhinn nuair a gheall Rialtas na Breataine Acht na Gaeilge do Thuaisceart na hÉireann.

Ag labhairt le linn sheoladh ‘Cearta agus Ceiliúradh’, dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL go bhfuil cosc á chur ar chearta Gaeilgeoirí ó thuaidh…

Seo chugaibh físeán ó sheoladh ‘Cearta agus Ceiliúradh’.

Pobal

Tá ‘Cearta agus Ceiliúradh’ á eagrú ó bhí 2009 ann. Féile chultúrtha lae do theaghlaigh is ea é ina gcuirtear béim ar an chultúr Gaelach idir na healaíona, an ceol agus an tsiamsaíocht.

Beidh Féile na bliana seo ar siúl i Halla Uladh san Fhómhar. Is é Rónán Mac Aoidh Bhuí a bhéas mar fhear a’ tí ag an fhéile agus déanfaidh Raidió Fáilte craoladh beo ón ócáid.

Cé gur ceiliúradh cultúrtha is ea an fhéile, tá bunteachtaireacht ag lucht a eagraithe faoi ghealltantas Acht na Gaeilge ó thuaidh.

Close
Close