Cad iad impleachtaí an chomhaontaithe nua don Ghaeilge?


Go mall oíche Déardaoin, bhris an nuacht gur fhógair an Státrúnaí, Julian Smith, agus an Tánaiste, Simon Coveney, go raibh socrú déanta ag Cnoc an Anfa leis an Tionól a chur ar a bhonn arís. Go luath ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh siad míreanna éagsúla den chomhaontú agus de réir a chéile tháinig sonraí an aontaithe ina iomlán amach agus cuireadh an reachtaíocht ar fáil don phobal.

D'fhan baill de chuid Chonradh na Gaeilge agus de chuid an ghrúpa feachtais, an Dream Dearg, ina suí fud fad na hoíche ag dul fríd an reachtaíocht a bhí foilsithe i gcáipéis dar teideal New Decade, New Approach agus rinneadh mionanailís ar mholtaí na cáipéise a bhaineann leis an Ghaeilge. 

Chuir an Dream Dearg ráiteas poiblí amach inar dúradh gur "tús é agus is dul chun cinn é ach ní ceann scríbe é" an socrú seo. 

Ba léir dóibh go bhfuil céimeanna chun cinn go fóill le déanamh ó thaobh cearta teanga a bhaint amach ó thuaidh agus is cinnte go leanfaidh an feachtas ar aghaidh go dtí go mbainfear amach iad.

Dar leis an Dream Dearg, "tá na laethanta d'ionsaithe ar ár bpobal uathu siúd atá i gcumhacht thart. Ní bhrúfar go himeall na sochaí muid a thuilleadh. A mhalairt atá fíor. Leanfaidh muid orainn go dtí go bhfuil todhchaí níos cothroime agus níos forásaí againn."

Beidh le feiceáil sna seachtainí atá romhainn cén próiseas a bheas i gceist leis an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm agus cén tionchar a bheith aici ar shaol na nGael anseo ó thuaidh.

Labhair Meon Eile le hurlabhraí an Dream Dearg, Ciarán Mac Giolla Bhéin, chun na himpleachtaí éagsúla a phlé.

Close
Close