Sláinte Airt?

Sláinte Airt?
Lá Airt
Lá Airt

Gearóid Ó Muilleoir

Bhí an bus ag imeacht ón Europa ar a naoi ar maidin. Deichniúr againn ó na meáin éagsúla a fuair an cuireadh speisialta seo agus, le fearadh na fáilte a chur romhainn ag an bhusáras, bhí ceathrar bean ó chomhlacht caidreamh poiblí.

Ba chuireadh é nárbh fhéidir a dhiúltiú – cuairt ar Bhaile Átha Cliath le Lá Airt, nó Arthur’s Day, a chaitheamh ag ceanncheathrú Guinness.

Ar cúig i ndiaidh a naoi tugadh an chéad channa beorach dúinn sa mhionbhus beag snasta seo ina raibh gach rud ar ár mian againn.

Bhí muid le pilleadh ag meánoíche – agus idir an dá linn ní raibh cead againn lámh a chur inár bpócaí.

Bricfeasta ollmhór ag tábhairne cois teorann agus uair a chloig eile bhí muid inár suí ag an bheár cruinn os cionn an cheannárais, pionta foirfe dubh inár ndorn againn agus radharcacha áille na hardcathrach romhainn. Agus ní raibh am lóin buailte linn go fóill fiú.

Ansin thios linn go Stóras na Hopaí, a bhí lán le haíonna cosúil linne ó fud fad na tíre. Bhí na grúpaí ceoil is cáiliúla ar domhan ar an ardán.

Agus muid ag tarraingt ar an am draíochta – 5.59 – dúirt fear a tí Colin Murray go raibh muid anois beo ar Network 2, agus ba é Gary Lightbody as Snow Patrol a rinne na soicindí deireanacha á chuntas síos. Ansin d’ardaigh míle duine a gcuid piontaí, agus dúirt muid mar aon: “To Arthur.”

Ba é sin 2010, dara Lá Airt. Is cuimhin liom lucht Guinness ag míniú dúinn an chiall a bhí leis an 5.59, gur bunaíodh an grúdlann seo sa bhliain 1759. Bhí siad ag iarraidh an soiscéil de réir Naomh Artúr a scaipeadh. Agus, go díreach, go mbeadh muid inár ndeisceabail, ag cur an naoimh úir seo chun tosaigh inár nuachtáin.

Shíl muid uilig gur smaoineamh iontach a bhí ann – agus is léir gurb é. Cé hé an saoi a tháinig aníos leis an choincheap an chéad lá ariamh?

Ba chóir saibhreas na mbancóirí a bhronnadh air nó uirthi. Ní raibh a fhios ag éinne, nó b’fhéidir gur rún é ag Guinness ar eagla go gcaithfeadh siad cúiteamh a íoc.

Mar is cinnte gur thosaigh sé le duine amháin a smaoinigh, ‘ba chóir dúinn lá a cheiliúradh in onóir Artúr Guinness’. Agus é a dhéanamh chomh mór le Lá na Féile Pádraig mar lá na hÉireann.

Cheol muid agus d’ól muid an bealach ‘na bhaile ar fad agus nuair a d’éirigh muid den bhus ag an Europa arís, bhronn siad mála féiríní orainn uilig a bhí lán le hearraí galánta. Agus scáth fearthainne ollmhór Guinness. A leithéid de lá!

Ag Dia atá a fhios nach raibh ár lá-sa san phríomhchathair saor.

An scéim is mó poiblíochta a chonaic mé riamh a bhí ann. Le go-n-éireoidh le Lá Artúir mar lá domhanda, bheadh ar Éirinn é a ghlacadh go fonnmhar. Caith an t-airgead anois le muintir agus meáin na hÉireann a thabhairt ar bord – le lá úr na hÉireann a chumadh – agus leanfadh an domhan mór.

Agus ba chuma cén dáta go díreach a bheadh Lá Artúir ann, a fhad is gur Déardaoin a bhí ann, oíche mhór thraidisiúnta na mac léinn sula dtéann siad ar ais chuig a dtuismitheoirí faoin tuath.

Dhá bliain ina dhiaidh sin agus mé an duine deireanach ag imeacht ón oifigí an Irish Sun taobh le Sráid Camden i mBaile Átha Cliath. Meán-oíche a bhí an agus ní fhaca mé riamh slua chomh mór ariamh ag déanamh a mbealach chuig an tsráid bheag chúng ina bhfuil neart teach leanna.

Bhí gleo san aer mar a bheadh cluiche mór ann, measctha le bonnáin na bpeas. Bhí gach duine acu ag ól ó bhí a sé a chloig ann, ar a laghad.

Ní fhaca mé ach na scáthanna – chuir siad na hOrcs i gcuimhne dom ó Lord of the Rings. Shleamhnaigh mé na bhaile.

Cad é a tharla?

D’éirigh le Guinness. Ba chóir gach duais bolscaireachta agus poiblíochta ar fud na cruinne a bhronnadh orthu. Bhí aisling acu, chreid siad ann, agus rinne siad beart de réir briathair. Chaith siad na milliúin punt chun Lá Artúir a chur i mbéal an phobail.

D’éirigh leo i ndiaidh an dara bliain sin. Anois, níl aon dul siar ann.

An ceiliúradh é ar dheoch agus an bhfuil comhlacht príobháideach ag déanamh fortúin as? Tá. An bhfuil Lá Airt anois ina lá náisiúnta atá ar cheann de na laethanta is mó sa bhliain anois fá choinn turasóirí? Tá, go deimhin. An bhfuil an t-aos óg ag ól a bharraíocht? Tá.

Níl a fhios agam an le bród ná le náire a amharcaim siar ar an ról a d’imir mé go fonnmhar i gcumadh an lá saoire in ómós le comhlacht príobháideach.

Ach tá an scáth fearthainne in úsáid agam go fóill.

Close
Close