Sinn Féin, na Meáin agus na Gaeilgeoirí

Ciarán Dunbar

Beidh toghcháin áitiúla agus toghchán do Pharlaimint na hEorpa ar siúl sa Tuaisceart ar 22 Bealtaine. Beidh toghcháin áitiúla agus toghchán na hEorpa ann sa Phoblacht an lá dar gcionn.

Is iad Sinn Féin an t-aon mhór-pháirtí a sheasfas ar an dá thaobh den teorainn ach cad é mar a éireoidh leo?

“Táim muiníneach gan amhras go mbeidh dul chun cinn ann,” a deir an TD Peadar Tóibín atá ina bhall den pháirtí arís tar éis gur cuireadh ar fionraí é de bharr an tseasaimh a ghlac sé ar cheist an ghinmhillte.

“Ar dtús tá foireann an-láidir ó thuaidh agus ó dheas againn, níos láidre ná riamh,” a deir sé.

“Tuigeann daoine freisin go n-oibríonn muid níos crua ná na gnáth-pháirtithe. Tar éis na bhfadhbanna geilleagair ollmhóra a bhí againn tá tuiscint níos fearr ag daoine ar cé chomh tábhachtach is atá polasaí eacnamaíochta Shinn Féin.

“Tuigeann daoine go raibh an ceart againn mar gheall ar na bannaí bainc, rialacháin bhainc, díluacháil fiachas tithíochta agus an géarghá le haghaidh spreagadh fáis,” dar leis.

Cé gur tháinig fás ar Shinn Féin ó dheas le blianta anuas, dar leis an anailíseoir Mick Fealty, eagarthóir an tsuímh ‘Slugger O’Toole: “Níor tháinig fás suntasach ar Shinn Féin i dTuaisceart Éireann ó thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna 2007.

“D’fhás sé ó shin, ach níos moille ná vóta an DUP. Tháinig an rábóg reatha ó dheas ag am ina bhfuil an Phoblacht i ngreim ghéarchéime dhomhain atá ag leanúint leis, tá solabharthacht chatastrófachta Shinn Féin an-oiriúnach don ghéarchéim sin,” ag aontú le Peadar Tóibín go mbeidh baint ag vóta Shinn Féin le cúrsaí eacnamaíochta.

“Measaim go n-éireoidh le Matt Carthy san iarthar agus le Lynn Boylan i mBaile Átha Cliath,” a deir Concubhar Ó Liatháin, tráchtaire nach mbíonn aon leisce air ceisteanna crua a chur ar Shinn Féin.

“Beidh go leor suíochán le buachaint ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla mar tá go leor iarrthóirí maithe áitiúla ag an pháirtí, cuid acu is iarrthóirí nua iad (ar nós Donnchadh Ó Laoghaire atá ag iarraidh suíocháin ar Chomhairle Chontae Chorcaí) nó iarrthóirí atá tar éis léimt thar chlaí ó pháirtithe eile, ar nós Chris Andrews i mBaile Átha Cliath.

“Beidh rith maith ag Liadh Ní Riada sa deisceart, níos fearr ná mar atá a páirtí ag tuar, agus tá súil agam go dtoghfar í mar is duine maith í, cé nach mbeidh sí buíoch díom as sin a rá má cheapann a páirtí gur ‘frith-Shinn Féineach mise’,” a deir sé, ag déanamh tagartha don téarma ‘frith-Shinn Féineach’ a úsáideann lucht tacaíocht Shinn Féin chun cur síos a dhéanamh ar thráchtairí a bhfuil spéis ar leith acu i gcáineadh an pháirtí dar leo.

“Is fuath liom an úsáid a bhaineann SF as ‘frith-Shinn Féineach’ chun daoine le tuairimí éagsúla a chur in aon bhád,” a deir Concubhar Ó Liatháin.

“Tá ceisteanna fiúntacha le cur ar an bpáirtí ar go leor ábhar agus caitheann Sinn Féin le daoine a bhíonn ag cur ceisteanna fiúntacha go páistiúil.

“Ní féidir leo glacadh le cáineadh polasaí nó cáineadh a bhaineann le stair cheomhar an pháirtí gan tosnú ag scréachaí mar bhabaí i gcliabhán ar baineadh a bhuidéal uaidh.

“Bíodh is gurb é SF an páirtí is sine ar an oileán tá siad i bhfad ó bheith aibí sa chomhthéacs sin.”

Ach an bhfuil an ceart aige – an é nach féidir le Sinn Féin cáineadh a ghlacadh nó an é nach bpléann na meáin go cothrom leo?

Dar le Peadar Tóibín: “Tá cuid de na meáin cothrom gan dabht go háirithe iad atá óg agus tá rudaí ag éirí níos fearr.

“Gan dabht tá tionchar ‘Section 31’ fós ann go háirithe le cúpla duine acu a bhí ann nuair a bhí sé i réim,” a deir sé áfach.

“Tá cuid dóibh sna comhlachtaí móra meáin ar an eite dheis nach bhfuil ag iarraidh athrú sa tír seo. Dá bharr sin, ceapaim go mbreathnaíonn siad orainn mar bhagairt ar a leasanna dílsithe.”

Ach measann Concubhar Ó Liatháin gur breá leis na meáin an rath atá ar an pháirtí.

“Dá mhéid a ionsaíonn Sinn Féin na ‘meáin fhrith-Shinn Féineacha’, ar nós an ‘Indo’, is mó a ionsóidh na meáin sin arís iad,” a deir sé.

“An deacracht atá ag SF ná go bhfuil an oiread san cnámharlaigh sa chófra acu, mar a dúirt an té a dúirt.

“Sílim go santaíonn SF an phoiblíocht, is cuma cé chomh holc is atá sé, mar go gcreideann siad nach bhfuil rud ann agus drochphoiblíocht agus is cuid den chleas é bheith ag gearán chun go mairfidh SF sa chiogal nuachta.

“Tuigeann siad freisin nach gcaillfidh siad vótálaithe atá acu agus go ngnóthóidh siad go leor vótálaithe mar gheall ar an dtuiscint (míthuiscint) a scaipeann an drochphoiblíocht go bhfuil SF in éadan na bunaíochta.”

Ach má tá na meáin chomh cainteach sin agus má tá SF an-leochaileach mar gheall ar stair s’acu, cad chuige nach n-éiríonn le síor-cháineadh sna meáin bac a chur ar fhás an pháirtí?

Tá míniú simplí ar an scéal sin ag Mick Fealty – don Tuaisceart ar a laghad.

“D’ainneoin an-chuid cainte (agus cuid gníomhartha míleata) ó easaontóirí poblachtacha, níl aon chéile comhraic seachtrach taobh istigh de náisiúnachas na hÉireann chun buntáiste a bhaint as feidhmiú fann aisteach Shinn Féin i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann.”

“De thoradh, is beag a lochtanna sa rialtas a tháinig chun solais san fhearann poiblí,” a deir sé.

Gerry Adams

Ar ndóigh, bhain an chuid is mó den ‘drochphoiblíocht’ sin le bliain anuas le hUachtarán an pháirtí, Gerry Adams, go háirithe maidir leis an dóigh ar phléigh sé le cás cúirte a dhearthár a ciontaíodh as a iníon féin a éigniú.

Mar sin féin – sheas an slua agus thug bualadh bos mór dó ag an ArdFhéis i Loch Garman – is léir go bhfuil a pháirtí taobh de agus gurb é sin foinse a nirt.

Dar le Mick Fealty: “Dá mba rud é gur láimhseáil ceannaire polaitiúil ar bith eile (thuaidh nó theas) cás a neachta sa dóigh is rinne Gerry Adams, thitfeadh siad fada ó shin. Tá buanseasmhacht s’aige bainte le háit dhosháraithe s’aige taobh istigh den pháirtí.”

“Chaill cuid mhaith d’fhoireann Thionóil an pháirtí poist s’acu sa tréimhse ó briseadh an scéal sin, ach tá an tUachtarán ann i gcónaí, ” a deir sé.

Is soiléir rud amháin, is é Gerry Adams a dhéanfaidh an cinneadh maidir le cén uair a éireoidh sé as agus is cinnte nár mhaith le Sinn Féin go mbeadh aon deis ag na meáin a mhaíomh go raibh páirt acu sa scéal.

Cé a ghlacfadh áit s’aige? An féidir le haon duine a áit a ghlacadh? Tá leideanna ann go bhfuil Adams tar éis Mary Lou McDonald TD a bheannú – cé nach raibh aon bhaint aici leis an ‘streachailt armtha’ nó le croí-cheantair Ghluaiseacht na Poblachta sa Tuaisceart.

Ní léir go bhfuil aon Ghaeilge aici, d’ainneoin go raibh deis aici í a fhoghlaim thar 14 bliain ar scoil sa Phoblacht.

Sinn Féin agus an Ghaeilge

Ar cheist na Gaeilge ó thuaidh, cosnaíonn Sinn Féin taifead s’acu go láidir agus tá go leor bainte amach gan amhras, go háirithe ó thaobh na Gaelscolaíochta de, san earnáil chraoltóireachta agus ar ndóigh An Ciste Infheistíochta Gaeilge.

Ach sa Phoblacht, maítear go mbíonn Sinn Féin ciúin go leor ar cheist na teanga, dúirt iarbhall amháin den pháirtí liom go ndúradh leis gur amhlaidh an scéal ar an ábhar nach raibh an páirtí ag iarraidh cuma ‘niche party’ a bheith orthu.

Ach cé go bhfuil an-chuid Gaeilgeoirí i Sinn Féin agus go bhfuil Gaeilge líofa ag leath de Theachtaí Dála an pháirtí, is minic a cháineann Gaeilgeoirí an páirtí go láidir.

Ag caint le Gaeilgeoirí an pháirtí, is féidir liom a rá go gcuireann sé sin isteach orthu go mór.

Seachtain ó shin chonacthas an mana “Éirinn chun cinn” ar stáitse ArdFheis an pháirtí – bhí na meáin shóisialta beo le Gaeilgeoirí ag cur ceiste faoi – roinnt mhaith acu ar buille glan – agus léiríonn sé sin cuid mhaith.

Tuigeann duine ar bith a bhfuil tuigbheáil aici nó aige ar Ghaeilge na Gaeltachta nach botún é sin ach thar aon rud eile b’shin an rud ar dhírigh na Gaeilgeoirí isteach air seachas ar aon pholasaí.

Ach ní aontaíonn Peadar Tóibín go bhfuil Gaeilgeoirí ró-chrua ar Shinn Féin agus seasann sé go láidir lena pháirtí maidir leis an teanga de: “Measaim go bhfuil an chuid is mó cothrom le Sinn Féin.”

“Táim claonta gan dabht ach creidim go bhfuil Sinn Féin ar an pháirtí is mó ar thaobh na Gaeilge sa tír,” a mhaíonn sé.

“Ó thaobh na béime ar an nGaeilge, an méid Gaeilge a bhíonn á úsáid ag ár n-ionadaithe, an méid atá déanta againn ar son na teanga agus ár bpolasaithe, níl aon pháirtí ar an leathanach céanna.”

Ach admhaíonn sé go bhfuil “níos mó le déanamh [acu] taobh istigh agus taobh amuigh den pháirtí.”

Ní nach ionadh, ní aontaíonn Concubhar Ó Liatháin leis sin: “Santaíonn Sinn Féin áit sa bhunaíocht agus sin atá léirithe acu arís is arís eile ó thuaidh, cás Choláiste Feirste in éadan na Roinne Oideachais agus Aire Shinn Féin ag maíomh sa chúirt gur ‘aspirational document’ ab ea Comhaontú Aoine an Chéasta agus scrios an infreastruchtúir Ghaeilge ó thuaidh chun teacht le clár oibre na déine atá á chur i bhfeidhm ag Aire Fine Gaelach ó dheas.”

“É sin ráite, tá go leor polaiteoirí cumasacha ag Sinn Féin ar bhreá liom iad a fheiscint i gcumhacht – leithéidí Máirtín Ó Muilleoir, an tArd-Mhéara is fearr sa tír, Trevor Ó Clochartaigh agus Pearse Doherty.”

Gaeilgeoirí iad na daoine sin ar fad atá luaite ag Concubhar agus atá lánsásta í a úsáid, cé gur annamh a tvúitealann Pearse Doherty i nGaeilge.

Ach maíonn Concubhar Ó Liatháin go mbaineann Sinn Féin mí-úsáid as Bord Fhoras na Gaeilge.

“Maidir le Donnchadh Ó Laoghaire [iarrthóir sa toghchán áitiúil do Charraig Uí Leighin – Baile an Chollaigh] léiríonn a chás chomh cosúil le gach páirtí eile is atá Sinn Féin i bhfírinne.

“Tá seisean nua-ainmnithe ag an pháirtí le suí ar Bhord an Fhorais. Tá sé i dteideal liúntas agus costaisí dá réir, ioncam a chuidíonn leis feidhmiú níos fearr mar iarrthóir áitiúil. Is ioncam beag é, glacaim leis, ach cuidíonn sé gan amhras.

“An fhadhb atá agam le sin ná d’ainmnigh Sinn Féin é don chomhaltacht seo mar gheall ar theidlíocht atá ag an pháirtí de bharr bhallraíocht ar fheidhmeannas an Tuaiscirt. Mar sin ba cheart gur duine an Tuaisceart a d’ainmneofaí.

“Go deimhin tá triúr as ceathrar comhalta Sinn Féin ar Bhord an Fhorais lonnaithe ó dheas agus is iarrthóirí toghcháin iad beirt acu, Therese Ruane agus Ó Laoghaire.

“Níl aon rud mídhleathach á dhéanamh ag an pháirtí ach is cinnte dá mbeadh páirtí eile a rinne é os comhair Choiste na gCuntas Poiblí as rud mar é a dhéanamh, bheadh Mary Lou McDonald anuas ar an bpáirtí sin mar thonna brící – agus an ceart aici mar is mí-úsáid eiticiúil é seo as an bpribhléid a bhronn an toghlach ó thuaidh ar an bpáirtí.”

Ní dócha go n-aontódh Sinn Féin leis an phointe sin ar chor ar bith ar an ábhar nach n-aontaíonn an páirtí leis an chríochdheighilt agus go measann siad gur tír amháin í Éire.

An dá thaobh den teorainn

Bíonn Sinn Féin ag feidhmiú ar an dá thaobh den teorainn ach má chruthaíonn sé sin deiseanna don pháirtí, an gcruthaíonn sé deacrachtaí chomh maith?

“Cruthaíonn an teorainn deacrachtaí dúinn, cinnte. Bíonn ar an pháirtí obair i ndá chóras polaitíochta ag an am céanna,” a admhaíonn Peadar Tóibín.

“Caithfidh muid mar bhaill ár súil a choimeád ar dhá chóras ag an am céanna. Ach cruthaíonn an teorainn deacrachtaí le haghaidh na tíre ar an iomlán.

“Is é príomhaidhm Shinn Féin fáil réidh leis an teorainn agus bheith réidh leis na deacrachtaí seo go léir.”

Focal scoir

In 2011, chinn an breitheamh i gcás Choláiste Feirste i gcoinne Roinn Oideachais an Tuaiscirt i bhfabhar Choláiste Feirste – ag cur iachaill ar an Roinn athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh s’acu pasanna bus a shéanadh ar dhaltaí scoile ag taisteal ó cheantar Leath Chathail go Béal Feirste ar mhaithe le hoideachas trí mheán na Gaeilge (agus fuair siad a bpasanna sa deireadh).

Bhí an feachtas ar siúl ar feadh cúig bliana roimhe leis sin agus bhí ról lárnach ag Comhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Pádraig, Eamonn Mac Con Midhe, leis.

Tá cath íde-eolaíoch ar siúl sa Tuaisceart le tamall idir daoine ar mhaith leo meánscoileanna Gaelacha neamhspleácha agus iad siúd a aontaíonn leis sin ach arbh fhearr leo sruthanna a bhunú mar chomhréiteach. D’aontaigh an tAire an ag am, Caitríona Ruane, leis an dara polasaí.

Bunaíodh sruth i Meánscoil Naomh Maolmhaodhóg i gCaisleán Uidhlín. Bhí ról lárnach ag ball Shinn Féin i mbunú an tsrutha sin agus chuir sé an-bhrú ar an Aire tacú leis.

Maítear gur síleadh nach mbeadh rath ar an sruth dá mba rud é gurbh fhéidir le páistí dul go Béal Feirste gach lá ar an phas bus.

Ach lean an Comhairleoir Eamonn Mac Con Midhe ar aghaidh lena chás – go dtí gur cuireadh oifigigh de chuid Shinn Féin as Béal Feirste síos chuige agus gur cuireadh iachall air éirí as an chás ar an ábhar go raibh sé “ag cur náire ar an Aire.”

Tuigtear gur tugadh rogha dó – an cás nó a bhallraíocht sa pháirtí – roghnaigh sé an páirtí.

Léiríonn an scéal sin go leor faoi Shinn Féin, a láidreachtaí agus a laigí agus gurb ionann iad i ndeireadh na dála.

Is é sin le rá, go bhfuil an-smacht ag an pháirtí ar na baill – nuair a shocraítear polasaí, caithfear cloí leis agus is é teachtaireacht láidir aontaithe an toradh air sin. Ar an lámh eile, múchann sé tallann agus cailltear baill éifeachtacha mar gheall ar mhion-pholasaithe.

I ngach páirtí eile, baintear úsáid as cúlbhinseoirí chun ‘ruathair aonair’ a dhéanamh, chun triall a bhaint as polasaithe nua, chun brú ‘bréagach’ a chur agus chun leithscéal a thabhairt d’airí agus do cheannairí bogadh i dtreonna nua.

Tá a fhios agam ag obair ar an talamh mar thuairisceoir go bhfuil meaisín cumarsáide an-éifeachtach ag Sinn Féin ach gur féidir leis a bheith mall agus spadánta mar mothaíonn comhairleoirí go bhfuil orthu rudaí a aontú leis an phreasoifig – faoin am sin tá an scéal marbh agus bhí an SDLP ar an aer cheana.

Aontaíonn tráchtairí go ndéanfaidh Sinn Féin dul chun cinn suntasach sa Phoblacht sna toghcháin seo agus nach mbeidh cúinsí níos fearr don pháirtí choíche.

Ach sa Tuaisceart, ní amhlaidh an scéal, tá cur chuige Airí SF á cháineadh i rith an ama agus is cinnte go bhfuil troid éigin fágtha san SDLP.

Thiocfadh dó go seasfaidh an SDLP an fód an uair seo agus nach mbeidh mórán d’athrú ar an tírdhreach polaitíochta sa phobal náisiúnach.

Close
Close