Reáchtáil Conradh na Gaeilge dhá lá de #SEAS16 i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le déanaí – seisiúin eolais agus spreagtha maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Fuair muidne deis cloisteáil ó chuid de na daoine a bhí i láthair ar an dá lá.
Aidhm na laethanta ná éilimh Chonradh na Gaeilge agus an phobail teanga araon ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de a chur faoi bhráid na n-ionadaithe rialtais.
Chruinnigh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus stocairí áitiúla ó thoghcheantair ar fud na tíre i mBaile Átha Cliath ar an 5 Deireadh Fómhair chun impí ar ionadaithe an Oireachtais plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar chlár na Cáinaisnéise 2017.
Dar le Conradh na Gaeilge go dféadfaí 1,175 post úr a chruthú dá gcuirfeadh rialtais ó thuaidh agus ó dheas den teorainn leis an infheistíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag tosú le €4.5 milliún sa bhreis an bhliain seo chugainn.
Tacaíonn os cionn 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta le plean Chonradh na Gaeilge agus toghadh móramh de Theachtaí Dála a aontaíonn leis fosta ní ba luaithe i mbliana.
Cúis díomá do Chonradh na Gaeilge a bhí ann an tseachtain seo áfach nuair a fógraíodh Cáinaisnéis 2017 agus nár cuireadh pingin rua sa bhreis le buiséad Fhoras na Gaeilge nó Údaras na Gaeltachta.
Ar an lá céanna a fógraíodh an Cháinaisnéis, an 11 Deireadh Fómhair, tháinig 31 Comhalta de chuid an Tionóil Reachtaigh ó thuaidh le chéile le stocairí áitiúla in Óstán Stormont.
Bhí Comhalta ó chúig pháirtí éagsúla i láthair; Sinn Féin, SDLP, UUP, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Pobal Roimh Bhrabús.
Cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht sa Ghaeilge ó thuaidh ag tosú le £510,300 sa bhreis an bhliain seo chugainn agus feabhsú agus cosaint Straitéis na Gaeilge chomh maith le forbairt na Gaelscolaíochta agus na n-iarratas áitiúil in Óstán Stormont.
Deis labhartha do Chonarthóirí agus stocairí áitiúla araon a bhí in #SEAS16 agus leanfar ar aghaidh leis an fheachtas amach anseo.