Seachtain spleodrach le gluaiseacht neamhspleáchais na hAlban

Seachtain spleodrach le gluaiseacht neamhspleáchais na hAlban

Colm Ó Broin

Chaill an feachtas ar son neamhspleáchas na hAlban an tseachtain seo caite ach tá gluaiseacht nua cothaithe aige a leanfaidh ar aghaidh amach anseo.

Chaith mé seachtain ag cabhrú leis an bhfeachtas i nGlaschú agus ba é ceann de na tréimhsí is spleodraí agus inspioráidí a bhí agam riamh.

Bhí dream as Éirinn thall i mbun oibre le craobh an SNP i mBaile Nighean Sheadna (Shettleston), toghcheantar in oirthear na cathrach ina bhfuil Ceiltigh Ghlaschú lonnaithe agus go leor de bhunadh na hÉireann ag cur fúthu.

Bhí na feachtasóirí áitiúla iomlán croíbhriste de bharr an toraidh. Tá roinnt acu ag obair ar son neamhspleáchais le blianta fada, roinnt eile a bhí ag scaipeadh bileoga agus ag cnagadh ar dhoirse gan stad le dhá bhliain anuas.

Tháinig mearbhall, brón, díomá agus náire orthu nuair ba léir gur vótáil tromlach a gcomhthíreach in éadan neamhspleáchais.

Rud a chuir leis an díomá ná go raibh an-dóchas acu go mbeadh an bua acu.

Bhí atmaisféar dochreidte i nGlaschú roimh an vóta. Bhí póstaeir, suaitheantaisí agus greamaitheoirí ‘Yes’ le feiceáil ar fud na háite. Agus muid ag canbhasáil bhí 70-80% de na daoine a bhí ‘gan chinneadh’ cúpla seachtain ó shin ag rá go vótálfadh siad ar son neamhspleáchais.

Chloisfeá scéalta anseo is ansiúd a chuir leis an atmaisfeár – daoine ag caint ar an mbus ag rá nach raibh aithne acu ar mórán a bhí ag vótáil ‘Níor chóir’, fear tacsaí ag rá go raibh gach duine ina shráidbhaile ag vótáil ‘Ba chóir’.

Bhí na sluaite ag teacht chun na hoifige agus chuig na seastáin ag lorg póstaeir, t-léinte agus ábhair eile le scaipeadh iad féin.

Chaith daoine amhras ar na pobalbhreitheanna a dúirt go raibh ‘Níor chóir’ beagáinín chun cinn. Maíodh nach raibh an milliún duine breise a chláraigh don reifreann ar liostaí YouGov, Ipsos-Mori agus eile, agus nach raibh daoine nár vótáil cheana ag clárú le tacú leis an status quo.

Ba é Cearnóg Sheoirse croí-lár na gluaiseachta. Bhí na mílte ag bailiú ann i rith na seachtaine – féile chairdiúil, ghealgháireach a bhí ann gach oíche le héagsúlacht mhór daoine i láthair.

Bhí daoine sna heastáit agus sna hárasáin dóchasach chomh maith – mhothaigh siad an t-atmasféar timpeall na cathrach agus dúradh linn go minic ‘Táimid chun é a dhéanamh!’.

Bhí na ceantracha bochta mar chuid lárnach den fheachtas chomh maith.

Bhí muid ag canbhasáil i gceann amháin acu lá, eastát a bhí breac le bruscar agus fadhbanna sóisialta. Chonaic mé trí ghrúpa éagsúla de dhéagóirí – agus ba iad na déagóirí is míshláintiúla dá bhfaca mé riamh. Bhí craiceann a n-aghaidheanna éirithe liath ceall bia folláin, go leor acu bhí craiceann éirithe teann cosúil le handúilach hearóin méan-aosta chomh maith.

Bhí an t-eastát breac le bratacha Albanacha, póstaeir agus daoine ar son neamhspleáchais chomh maith.

Ceann de na buaicphointí is mó ón am a chaith mé in Albain ná nuair a thosaigh grúpa páistí 5-6 bliain d’aois ag cantaireacht ‘Vote Yes’ agus muid ag siúl timpeall an eastáit.

Ní raibh a leithéid feicthe agamsa riamh agus thóg sé mo chroí go mór.

Cad é mar chomparáid le feachtasóir ‘Níor Chóir’ a bhí suite in aice linn i mbialann sa chathair cúpla uair níos déanaí. Mheas muid gur chosain an carabhat a bhí air thart ar £80, an léine £400 agus an Rolex a bhí air na mílte punt.

Sholáthraigh comhlacht an fhir seo páirteanna chuig fomhuireáin núicléacha na Breataine agus mheas sé gur daoine a fhaigheann ‘benefits’ agus ‘idiots’ amháin a bheadh ag vótáil ‘Ba Chóir’.

Seo fear atá iomlán spléach ar airgead an Stáit é féin.

Gan amhras bhuail muid le gnáthdhaoine a bhí ag vótáil ‘Níor Chóir’.

Bhí cúiseanna éagsúla acu, cinn stuama faoin airgeadra, an pinsean agus praghsanna bia ina measc.

Bhí daoine eile ag vótáil in éadan neamhspleáchais toisc nár thaitin Alex Salmond leo agus bhí fear amháin in amhras toisc gur shíl sé gur Caitlicigh den chuid is mó a bhí ag tacú le ‘Ba Chóir’.

Ainneoin seo bhíothas ag ceapadh go raibh an ghaoth i seolta an neamhspleáchais, ní amháin i nGlaschú – bhí tuairiscí ag teacht chugainn go raibh an t-atmasféar spleodrach seo le brath i gceantracha eile.

Chothaigh sé seo sceitimíní agus dóchas, dóchas a scriosadh maidin Aoine agus toradh na vótála á fhógairt. Ba bheag faoiseamh a bhí ann nuair a fógraíodh gur vótáil Glaschú ar son neamhspleáchais.

Bhí sé an-deacair an chodarsnacht idir an t-atmasféar agus an toradh a thuiscint go dtí gur eisíodh suirbhé a léirigh gur vótáil tromlach na ndaoine faoi 55 ar son neamhspleáchais.

Is iad na glúinte óga a chothaigh an t-atmasféar réabhlóideach sa chathair ach ní raibh mórán seandaoine mar chuid de agus de réir an tsuirbhé vótáil tromlach mór acu in éadan neamhspleáchais.

Bhí féile beartaithe i gCearnóg Sheoirse Dé hAoine, ach a mhalairt a tharla – chuaigh náisiúntóirí Briotanacha i mbun ceiliúrtha ar an vóta ‘Níor Chóir’ le cuirtéis Naitsíoch, sluaghairmeacha ciníocha, foréigean in aghaidh lucht neamhspleáchais agus ionsaí homafóbach ar Austin Sheridan, duine dár gcomhghleacaithe i gcraobh Bhaile Nighean Sheadna. De réir an Daily Mirror dhóigh siad brat na hAlban ann chomh maith.

Cé nár éirigh leis an bhfeachtas bhí cúpla toradh suntasacha aige. Ceann amháin ná gur láidrigh sé féiniúlacht Albanach an phobail Éireannaigh thall, ceann eile ná go bhfuil muinín sna meáin thraidisiúnta caillte ag an 45% den phobal a vótáil ar son neamhspleáchais.

Cad atá i ndán don ghluaiseacht anois? Cé go bhfuiltear croíbhriste, tá os cionn 10,000 duine tar éis ballraíocht a ghlacadh amach sna páirtithe polaitiúla atá ar son neamhspleáchas le trí lá anuas.

Tá na meáin shóisialta lán le tuairimí faoin mbealach is fearr chun cinn mar aon le gealltanais go leanfar leis an iarracht go dtí go mbíonn Albain neamhspléach.

Is léir nach bhfuil deireadh tagtha leis an scéal seo go fóill.

Close
Close