Idir 1850 agus 1860 tháinig beagnach 90,000 duine go Béal Feirste agus iad ag teitheadh ón Ghorta agus ag lorg slí bheatha sa chathair.
Cainteoirí dúchais Gaeilge as Ó Méith i gContae Lú a bhí i gcuid de na daoine seo. Na ‘Fadgies’ a tugadh orthu agus díoltóirí iasc agus torthaí a bhí sa mhórchuid acu.
Lonnaigh siad i Margadh na Feirme, áit ar chruthaigh siad an chéad Ghaeltacht uirbeach i mBéal Feirste, sular bhog siad ar aghaidh go Ceantar na bhFál.
Tá dráma ann bunaithe ar shaol na ‘Fadgies’ agus cur i láthair ar leith aige – cuirtear ar siúl é i dteach a tógadh thart ar an am céanna a tháinig na ‘Fadgies’ go Béal Feirste.
Is é seo an dara bliain don dráma a bheith ar siúil ag Aisling Ghéar agus é a dhéanamh acu i dteach ar Shráid Nansen, taobh leis an Chultúrlann, Dé Ceadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine ar 1in.
Chuaigh Meon Eile go dtí an chéad chleachtadh an bhí ag na haisteoirí Bríd Ó Gallchóir agus Piaras Ó Donnghaile le feiceáil cad é mar a bhí ag éirí leo…