Savile, McAlpine agus an BBC

Savile, McAlpine agus an BBC
Conspóid sa BBC
Conspóid sa BBC

Sinéad Ingoldsby

Fuair mise litir sa phost an tseachtain seo ó bhean nach bhfuil aithne agam uirthi agus í ag cur ceisteanna orm mar gheall ar an tréimhse a chaith mé ag obair sa BBC.

Bhí mise ag obair ann mar léiritheoir teilifíse ó 2005 go dtí níos luaithe i mbliana.

Ní raibh Dame Janet Smith ag iarraidh fáil amach cén fáth ar éirigh mé as mo phost, ní raibh sí ag impí orm teacht ar ais fiú, agus, buíochas le Dia, ní raibh sí sa tóir ar an biro a thóg mé liom mar THAISME.

An fáth a raibh an bhean uasal seo i dteagmháil liom ná toisc go raibh mise ag obair, ar feadh dhá bhliain, sa chomhlacht céanna le ‘Sir’ Jimmy Savile.

Is dócha go bhfuair gach aon duine a bhí fostaithe ag an BBC idir 1964 agus 2007 an litir chéanna; litir a fhiosraíonn ar ionsaigh Jimmy Savile mé, an raibh aon eolas agam faoi aon ionsaí – nó “inappropriate sexual conduct” mar a chuir sise air – nó ar chuala mé aon ghearán den chineál sin faoin réalt mór atá tar éis titim ó na harda.

Níor oibrigh mé féin riamh le Jimmy Savile. Ní dóigh liom gur mise an t-aon duine a bhí in amhras ar dtús nuair a tháinig na tuairiscí amach ag cur péidifilia ina leith.

Táimse den ghlúin a shuigh isteach gach oíche Shathairn ag féachaint ar an teilifís ar bís le bheith ar an eolas faoi na litreacha a léifeadh sé amach ar Jim’ll Fix It an tseachtain sin.

Is cuimhin liom go raibh éad an-mhór orm leis an deartháir agus an deirfiúr óg Éirinneach a fuair an deis bheith mar rí agus banríon ag dinnéar mór i gCaisleán Bunratty.

Buíochas le Dia anois nár fhreagair sé an litir a scríobh mé am éigin go luath sna hochtóidí ag iarraidh buaileadh leis an Fall Guy (nó MacGyver más rud é go raibh Colt Seavers gnóthach an Satharn sin).

Níor cheap mise riamh ag an am go mbeinn ag fáil litreach iomlán éagsúil ar fad ar ais mar gheall ar Jim’ll Fix It lá amháin i 2012.

Cosúil le cuid mhór daoine eile den aois chéanna liomsa, ba laoch mór é Jimmy agus mé óg, agus chomh maith le gach duine eile, bhí uafás orm nuair a bhí sé soiléir go díreach cad a tharla do roinnt páistí bochta a fuair an “deis iontach” sin suí sa chathaoir mhór in aice leis an bhfear féin. “Now then, now then”, indeed.

Ní fhaca an BBC géarchéim cósúil leis seo ó thosaigh an craoltóir 90 bliain ó shin, agus d’éirigh rudaí níos measa arís tar éis na líomhna bréagaí nár chuir Newsnight i gcoinne Lord McAlpine cúpla seachtain níos déanaí.

Tá ceannasaí BBC Thuaisceart Éireann, Peter Johnson, ainmnithe sa bhfiosrúchán mar gheall ar na tweetanna a d’eascair as an chlár a rinne foireann Newsnight, foireann a bhí laghdaithe de réir cosúlachta siocair go raibh na bainisteoirí ar fionraí de bhrí chonspóid Savile. Agus leanann sé ar aghaidh is ar aghaidh…

Ar ndóigh is ceart agus cóir an rud é go bhfuil an BBC ag fiosrú na droch-iriseoireachta a lig a leithéid do chúiseanna theacht amach i gcoinne fear neamhchiontach – Robert Alistair McAlpine – agus an cultúr oibre a lig droch-fhear eile a chlú agus cáil mar chraoltóir mór le rá a úsáid chun gníomhaíocht choiriúil a dhéanamh.

Beidh fiosrúchán neamhspleách agus fiosrúchán rialtais ar siúl chomh maith agus seans maith go mbeidh an focal deireannach ag na cúirteanna ar na hábhair sin. Ach idir an dá linn, rud atá níos tabhachtaí don BBC le fiosrú, dar liomsa, ná an droch-bhainistíocht agus an córas lofa a ligeann a leithéid tarlú ar an gcéad dul síos.

Bhí daoine ag rá gurbh fhéidir le Jimmy Savile a chuid péidifilia a chleachtadh gan stró de réir chultúr an ama, agus nach féidir dó a tharlú sa lá atá inniu ann.

Sea, bheinn ag súil go ndéarfadh daoine rud éigin anois dá bhfeicfeadh siad ionsaí gnéis ar pháiste i seomra feistis de chuid an BBC, ach sílim féin go bhfuil fréamhacha scéal Jimmy Savile le fáil sa chumhacht a bhaineann le réaltaí móra áirithe agus an bealach nach raibh an craoltóir céanna (a chruthaigh an réalta seo) in ann é a láimhseáil.

Agus ar an drochuair tá na fadhbanna sin fós le feiceáil sa BBC inniu.

Ba é cumhacht na réaltaí móra – nó “an talann” mar a thugtar orthu sa BBC – a bhí ag bun na raice a tharla nuair a chuir Russell Brand agus Jonathan Ross glaoch colúil ar Manuel bocht as Fawlty Towers.

An uair sin, bhí ar gach duine sa BBC cúrsa speisialta a dhéanamh ionas nach dtarlódh a leithéid arís.

Agus táim lán cinnte go mbeidh go leor cúrsaí de chineál amháin nó cineál eile le déanamh ag léiritheoirí BBC i ndiaidh Savile agus McAlpine chomh maith.

Ach ní dhéanann cúrsa ar bith aon mhaitheas nuair atá sé fós fíor go bhfuil an iomarca cumhachta ag cuid den “talann” agus nach bhfuil na léiritheoirí in ann iad a léiriú toisc go bhfuil an cumhacht sin á chaomhnú ag an gcorás.

Molaim féin gur chóir cúpla ceist bhreise a chur sa litir a scríobh Dame Janet Smith chugam.

Cén fáth ar cheap na daoine a bhí ag obair le Jimmy Savile – agus a fhios acu cad é a bhí á dhéanamh aige – nárbh fhéidir leo aon rud a rá?

Cén fáth a bhfuil cumhacht ollmhór tugtha don talann os comhair an cheamara a chiallaíonn nach mbíonn meas acu siúd ar an talann taobh thiar den cheamara?

Cén fáth gur féidir le réaltaí móra áirithe iad féin a iompar ar bhealach a dtabharfaí ‘tromaíocht’ dá mba ghnáth-fhostaithe iad?

Agus cén fáth nach ndéanann na mílte bainisteoirí atá istigh san BBC aon rud faoi seo?

Go dtí go bhfuil na míchothromaíochtaí sin réitithe, seans maith gur féidir le mí-úsáid cheannasachta leanúint ar aghaidh in ‘Aintín’ an BBC.

Close
Close