Táim go láidir ar son go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach.
Ní ar son na Ríochta Aontaithe atáim á rá seo ach ar son na hÉireann, nó is beag liom cás na Breataine agus na ceisteanna atá tógtha ag cuid dá ceannairí ar son fagála.
Sílim gur ciníochas lofa atá ar a chúl agus beagán den chumha a leanann bás na himpireachta agus an mothú atá acu gur mhaith leo na seanlaethannta a theacht ar ais.
Ag an am céanna feictear dom go bhféadfadh roinnt buntáistí eascairt as cinneadh ar son ‘Sasamach’ – mar a thugaimse ar ‘Brexit’ – má tharlaíonn sé de dheasca vóta na Déardaoine.
Mar shampla, agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi phobalbhreith éigin a foilsíodh ag tuar bua do lucht imeachta, rith sé liom go bhféadfadh stadas an Bhéarla mar theanga oifigiúil bheith i mbaol dá dtarlódh Sasamach.
Ag cur an Ríocht Aontaithe as an áireamh, níl an Béarla ina phríomhtheanga náisiúnta in aon bhallstat eile, cé go bhfuil stádas oifigiúil aige i Malta agus in Éirinn.
I gcás Sasamach, mar sin, dá bhfógrofaí maidin Dé Luain go raibh sé i gceist sa chéad dul síos maolú a dhéanamh ar stádas an Bhéarla mar theanga oibre agus díriú ar phríomhtheangacha oifigiúla na mBallstát san Aontas, bhuel, ní fhéadfainn a rá nach gcuirfinn fáilte roimh a leithéid de thoradh.
I m’aigne bheinn cheana féin ag éisteacht le cluichí móra Euro 2020 agus tráchtaireacht Ghaeilge ar gach cluiche – le rogha de thráchtaireacht Bhéarla dóibh san ar mhaith leo é, gan amhras.
Mar gheall ar Sasamach, bheadh sé le maíomh againnne, Gaeil, nach teanga riachtanach an Béarla níos mó.
Cuir sin i do phíopa Rosita Boland agus bain gal as!
Ar ndóigh, os rud é gur tír ‘Eorpach’ go smior é Poblacht na hÉireann, bheadh athmhachnamh le déanamh ar ár dtosaíochtaí oideachais.
Leanfaí ag múineadh an Béarla ar ndóigh ach ní go dtí aois na meánscolaíochta.
Chomh maith leis an an Ghaeilge, mhúinfí Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis agus Polainnis sna scoileanna náisiúnta feasta agus d’fhágadh páistí bunleibhéal na scolaíochta agus iad ilteangach.
Mar gheall go mbeadh an oiread sin teangacha á múineadh go luath, d’fhéadfadh go mbeadh Poblacht na hÉireann á cur chun tosaigh ar fud na cruinne mar eiseamláir de dhea-oideachas teangacha – seachas a mhalairt, mar atá ag titim amach anois.
In áit bheith de shíor ag féachaint béal dorais chun pointí tagartha “ár gcultúir” a aimsiú, bheimís ag amharc thar a nguaillí amach go mór-roinn na hEorpa.
Is féidir liom mé féin a shamhlú ag cur chun cinn ár nascanna leis an bhFrainc, mar shampla, ag tráchtaireacht liom ar France 24 agus a leithéid agus ag scríobh corr-cholúin do ‘Figaro’ nó a leithéid.
Seans go mbeinn ag díriú mo thacaíochta do Rennes i bpríomhroinn sacair na Fraince ach b’fhéidir nach an sacar a bheadh ina phríomhshuim spóirt agam ar chor ar bith – cad faoin rothaíocht nó iliomad caitheamh aimsire spórtúil eile.
Na ‘boules’ ar ndóigh…
Ní gá a rá ach go bhfuil nascanna stairiúla againn leis an bhFrainc agus mór-roinn na hEorpa a shíneann siar na glúinte – nach iad na Francaigh a bhíonn ag teacht thar sáile, le teacht i gcabhair orainn in am an ghatair?
Tá go leor deathorthaí d’Éirinn dá mbeadh vóta ar son ‘Sasamach’ ann – ach ár rialtóirí a bheith fonnmhar agus reidh chun na hathruithe riachtanacha a chur i gcrích.
Ach, mar a dúradh faoi Alan Dukes, iarcheanaire Fhine Gael tráth, dá mbeadh anraith ag titim ina bhaisteach, bheadh Taoiseach na linne agus a chomh-airí agus ceannairí na bpáirtithe eile amuigh agus forcanna á n-iompar acu chun breith ar an gcothú a bheadh ag titim ón spéir.
Sa chás go mbeadh Sasamach ann, dhófaí Poblacht na hÉireann idir dhá thine Bealtaine nó bheadh, luath nó mall, teorainn fhisiciúil á cur in áirde idir an chuid ó thuaidh is an chuid ó dheas den tír.
Is léir gurb é sin an príomhrún (faoi cheilt) atá ag an DUP as a dtacaíocht don vóta amaideach seo.
Agus ní bheadh an cúiteamh ón Aontas Eorpach mar gheall ar an dtitim ar an dtrádáil idir Poblacht na hÉireann agus an Bhreatain de dheasca Sasamach.
Sa chás go bhfuil tú i mBéal Feirste anocht agus gur mhaith leat a thuilleadh a chloisint faoi Sasamach agus na himpleachtaí d’Éirinn, beidh díospóireacht bhríomhar ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 7in idir mé féin – atá in éadan Sasamach, mar gheall ar na drochthorthaí d’oileán na hÉireann, agus Eoin Ó Murchú, tráchtaire le RTÉ Raidio na Gaeltachta, a chreideann gur ar leas na hÉireann a bheadh Sasamach.