Tá sé eagras a bheas i mbun earnáil dheonach na Gaeilge roghnaithe ag Foras na Gaeilge; Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Coláiste na bhFiann, Glór na nGael agus Gaelscoileanna.
Beidh ar an 13 eagraíocht (ceithre cinn ó thuaidh) nár éirigh leo, beidh orthu maoiniú úr a aimsiú le teacht mhí Iúil nó dul as feidhm. Is ar bhonn uile-Éireann a chaithfidh na heagrais roghnaithe feidhmiú.
Bhí Meon Eile i láthair ar lá na cinniúna agus seo chugaibh léargas ar fhógairt an scéil agus tuairimíocht ó roinnt de cheannasaithe na hearnála.
Ráitis ó na ceithre eagras sa tuaisceart nach bhfaighidh bunmhaoiniú a thuilleadh:
Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas Ultach
“Druidfear oifig Iontaobhais ULTACH i mí Mheithimh agus caillfear ceithre phost in eagras atá tiomnaithe don obair thraspobail agus do sholáthar ábhar ardchaighdeáin do phobal an tuaiscirt.
Caillfear an taithí fhada stocaireachta atá ag an fhoireann maidir le pleanáil teanga, an chraoltóireacht agus go leor eile. Ní le leas na Gaeilge nó leas phobal na Gaeilge ó thuaidh an cinneadh seo.
Mar a dúirt go leor romham, is lá dubh é don Ghaeilge."
Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL
“Beidh fuinneamh ar leith ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh caillte. Beidh bearna ollmhór ann ó thaobh údarás agus tionchar na ndaoine atá fostaithe ó thuaidh de, mar gurb as an deisceart do stiúrthóirí ar fad na sé cheanneagras, agus cé go ndeir an Foras go mbeidh poist ann do dhaoine ó thuaidh, níor shonraigh sé grád nó leibhéal na bpost seo.
Is léir, áfach, nach ról ceannasaíochta a bheidh i gcuid ar bith dóibh. Beidh saineolas agus saintaithí caillte. Glacfaidh sé tamall fada leis an dochar atá á dhéanamh don teanga a leasú, go háirithe ó thuaidh."
Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste
“Má insítear an fhírinne dhubh agus bhán is próiseas cuíchóirithe amháin a bhí á mhaoirsiú ag an Fhoras le tamall de bhlianta anuas, fad agus a cuireadh le bille tuarastal an Fhorais féin, agus is próiseas cuíchóirithe a bheas á chur i bhfeidhm acu beag beann ar na himpleachtaí do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas ach go háirithe ó thuaidh, áit a bhfuil infrastruchtúr an phobail, taithí, scileanna, infheistíocht agus tógáil páirtnéíreachta bánaithe acu.
Deich mbliana níos moille is deacair a chreidbheáil go dtig leis an Fhoras a rá, gan mórán lorg íoróine orthu, gur ‘Ré úr’ atá fógraithe acu nuair atá stádas agus clú Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht trasteorann lagaithe agus níos mó amhrais ann faoi chreidiúnacht an Fhorais ná mar a bhí ariamh."
Áine Andrews, Cathaoirleach Altram
“Caillfear cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha. Tá Altram ag gníomhú go díográiseach agus go héifeachtach in earnáil na luathbhlianta le breis is fiche bliain.
Tá tuiscint, taithí agus saineolas nach beag ag an eagraíocht ar dhúshláin an tumoideachais ag leibhéal na luathbhlianta sa dlínse seo.
Ní bheidh sé seo ag eagraíocht atá lonnaithe i ndlínse eile nó ag eagraíocht nach raibh ag freastal go dtí seo ar shainriachtanaisí na luathbhlianta nó nach bhfuil tiománta maidir leo.
Tá eagla orainn go bhfágfaidh na socruithe úra bearnaí móra sa tsoláthar a rachfas go mór chun aimhleas ár bpáistí agus ár bpobail.
Is le cuid mhór dua agus íobairte gur éirigh le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt cibé aitheantas atá anois ann don Ghaeilge a bhaint amach.
Is cúis mhór náire í d’Fhoras na Gaeilge an dóigh ar phléigh siad le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt sna cinntí seo."