Polasaí Gaeilge an Tionóil cáinte go géar ag Comhairle na hEorpa

Polasaí Gaeilge an Tionóil cáinte go géar ag Comhairle na hEorpa

Shane Ó Curraighín

Tá Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go láidir ag Comhairle na hEorpa toisc a n-easpa dul chun cinn i gcosaint agus i gcothú na Gaeilge ó thuaidh.

Deir Comhairle na hEopa go bhfuil ‘atmaisféar leanúnach naimhdeach’ i leith na Gaeilge sa Tionól ag cur bac ar reachtaíocht teanga.

Tá rabhadh tugtha ag an Chomhairle d’údaráis na Breataine agus an Tuaiscirt gur cosúil go bhfuil an Chairt do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh sáraithe acu.

Tugadh seo le fios i dtuarascáil a foilsíodh inniu ar fheidhmiú Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh sa Ríocht Aontaithe.

Deir Coiste na Saineolaithe, údar na tuarascála, go bhfuil socraithe cumhachta i dTuaisceart Éireannn ina gconstaic agus ina n-achrann don Ghaeilge.

‘Promotion of the Irish language remains, regrettably, a highly contentious issue in Northern Ireland’.

Deir Coiste na Saineolaithe go bhfuil gá le ‘creatchlár reachtúil do chosaint agus cothú na Gaeilge a fheidhmiú i dTuaisceart Éireann’ chun cothrom na féinne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge.

Chuir Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, fáilte roimh mholadh na saineolaithe go gcaithfear Acht na Gaeilge a fheidmiú.

“Is mithid spriocam a aontú anois agus bogadh chun tosaigh,” arsa sí.

‘’Tá cáineadh tromchúiseach déanta ag na Saineolaithe maidir leis an soláthar reatha i dtaca leis na meáin, le hoideachas, leis na cúirteanna agus le riar na n-institiúidí polaitiúla – ag leibhéal an Tionóil agus ag leibhéal áitiúil.”

Deir Coiste na Saineolaithe gur chuir údaráis an tuaiscirt agus Rialtas na Breataine bac ar a gcuid oibre agus nár chuir siad go leor eolais ar fáil faoi stáid na teanga ó thuaidh.

Polasaí Gaeilge an Tionóil cáinte go géar ag Comhairle na hEorpa

Eolas na Tuarascála: An Gaeloideachas

Deir Coiste na Saineolaithe nach bhfuil an Roinn Oideachais ag comhlíonadh breithiúnas cúirte ó 2011 a rialaigh go raibh daltaí Coláiste Feirste i dteideal córas iompar saor in aisce.

Cinneadh sa chás cúirte úd go raibh dáltaí na scoile i dteideal córas iompair araon le scoileanna eile – rud nach bhfuil comhlíonta fós.

Tugadh le fios gur diúltaíodh cead naíonra a bhunú i gceantar áiríthe toisc spásanna a bheith ar fáil i réamhscoil eile sa cheantar céanna.

Léirigh grúpaí pobail a n-inmí le Comhairle na hEorpa faoi fhorbairt na méanscolaíochta Gaeilge. Luaíodh go bhfuil ganntanas oidí méanscoile ann le hábhar sainspéise a theagasc agus go bhfuil ganntanas acmhainní foghlamtha do na hábhair seo fosta.

Comharthaíocht

Deir Coiste na Saineolaithe ba chosúil gur shárú na cairte ab ea cinneadh Bord Tuarasóireachta Thuaisceart Éireann chun fograíocht dátheangach a chur ar fáil i nDún Phádraig anuraidh.

Tugadh le fios fosta gur chuireadh bac leanúnach ar thionsnaimh chomharthaíochta dátheangach eile i gceantair áiríthe ó thuaidh.

Cúirteanna

Lorg Coiste na Saineolaithe freagair ó Rialtas na Ríochta Aontaithe faoi chúis lena chosc ar úsáid na Gaeilge i gCúirteanna an Tuaiscirt.

Níor thug an Rialtas aon fhreagairt ar cheist na Saineolaithe faoi pholasaí teanga sa chóras dlíthiúil.

Na Meáin

Deir Coiste na Saineolaithe gur chúis imní é todhchaí neamhchinnte na Ciste Craoltóireachta Gaeilge toisc nach bhfuil aon mhaoiniú geallta tar éis 2015 – ‘The lack of certainty is a source of continued concern’.

Cheistigh an Choiste cinneadh an BBC gan an Ghaeilge a lua gCairt Ríoga cé go n-áithítear Breatanais agus Gàidhlig ann. Níor thug BBC aon chúis lena gcinneadh nuair a d’iarr an Choiste orthu.

Maíonn an Choiste nár leor Ciste Craoltóireachta na Gaeilge chun dualgais na Cairte a chomhlíonadh ó thuaidh agus gur chóir nuachtán Gaeilge a bheith ar fáil do phobal an tuaiscirt.

Aisfhreagra Rialtas na Breataine

Chuir Comhairle na hEorpa an t-athbhreithniú ar fheidhmiú na Cairte i ndlínse na Ríochta Aontaithe os comhair Rialtas na Breataine. Dúirt siad nach raibh siad chun Acht na Gaeilge a fheidhmiú i dTuaisceart Éireann toisc gur faoi Fheidhmeannas an Tuaiscirt a thit an dualgas.

While the Committee’s frustration at the lack of comprehensive information relating to Northern Ireland is appreciated, the UK Government cannot – and will not – act unilaterally when responsibility rests properly with one of the UK’s devolved administrations.

D’iarr siad ar Choiste na Saineolaithe aird a thabhairt ar an chomhthéasc níos leithne sula ndéanfaidís breithiúnas ar iompar an Rialtais.

It is an important feature of the political settlement in Northern Ireland that difficult or divisive issues are taken forward through agreement between the Northern Ireland political parties.

Close
Close